Caisleán an tSléibhe – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Caisleán an tSléibhe

Is fada a bhéas trácht ar an gCaisleán atá déanta
Nach bhfacthas a leithéide san oileán seo fós,
Tá fascadh ann ón ngaoithe, ón ngrian, is ón mbáisteach
Cead rince agus spóirt ann ag sean agus óg.

Casadh thart mise ann tráthnóna Dé hAoine
Is le titim na hoíche sea dhúin sé ina cheo,
Nár cóiríodh mo leaba dhom is b’éigean dhom síneadh,
Níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain.

Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin,
Tá an bord ag cur thar maoil ann le fataí ‘gus feoil,
Tá an t-arán go fial fairsing dá ghearradh is dá roinnt ann,
Tá an tae ‘gus tá an t-im ann is bainne na bó.

Tá an bhó agus an lao ar an mbuaile ann ag géimneach,
Tá an gabhar geal ag méileach, tá an chaora is an t-uan,
Tá na broic ann ag tafann le héirí na gréine,
Is na mionnáin ag léimneach is ag imeacht sa drúcht. 

Nach iomaí fear ceirde a chuaigh ariamh thríd an tír,
‘Chaith tamall le saoirseacht sna tithe  go leor,
Dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta,
Ní chreidfeadh ón saol nó is fear draíochta atá  in Joe.

Tá na faoileáin ag triall ann aniar ó na Sceirdí,
Tá nead na gcorréisc ann an eala is an ál,
Tá fuaim na mea-ghabhair ann, an londubh is an chéirseach,
Neart ceol agus pléisiúr ag an té a d’fhanfadh ann.

‘S nois teacht don fhómhar caithfidh muid tréimhse ann,
Nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall,
Nuair a shocrós an cogadh agus déanfar an réiteach
Beidh caisleán an tsléibhe againn dhúinn fhéin go lá brách.