Caisleán an tSléibhe – Sean Nós na mBan 2015

Caisleán an tSléibhe

Is fada a bhéas trácht ar an gCaisleán atá déanta
Nach bhfacthas a leithéide san oileán seo fós,
Tá fascadh ann ón ngaoithe, ón ngrian, is ón mbáisteach
Cead rince agus spóirt ann ag sean agus óg.

Casadh thart mise ann tráthnóna Dé hAoine
Is le titim na hoíche sea dhúin sé ina cheo,
Cóiríodh mo leaba dhom is b’éigean dhom síneadh,
Níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain.

Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin,
Tá an bord ag cur thar maoil ann le fataí ‘gus feoil,
Tá an t-arán go fial fairsing dhá ghearradh is dá roinnt ann,
Tá an tae ‘gus tá an t-im ann is bainne na bó.

Tá an bhó ‘gus an lao ar an mbuaile ann ag géimneach,
Tá an gabhar geal ag méileach, tá an chaora is an t-uan,
Tá na broic ann ag tafann le éirí na gréine,
Is na mionáin ag léimneach is ag imeacht sa drúcht.

Nach iomaí fear ceirde a chuaigh ariamh thríd an tír seo,
‘Chaith tamall le saoirseacht sna tithe go leor,
Dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta,
Ní chreidfeadh ón saol nó is fear draíochta atá in Joe.

Tá na faoileáin ag triall ann aniar ó na Sceirdí,
Tá nead na gcorréisc ann an eala is a hál,
Tá fuaim na mea-ghabhair ann, an londubh is an chéirseach,
Neart ceol agus pléisiúr don té a d’fhanfadh ann.

‘Gus anois teacht don fhómhar caithfidh muid tréimhse ann,
Nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall,
Nuair a shocrós an cogadh agus déanfar an réiteach
Beidh caisleán an tsléibhe againn dhúinn fhéin go lá brách.