Coinleach Glas an Fhómhair – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Coinleach Glas an Fhómhair

‘Gus ar choinleach glas an Fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
 Nár dheas é do sheasamh i mbróigín is ba ró dheas é do leagan súl,
Do ghrua bhí ar dhath an óir bhuí, do chúilín a bhí fite go dlúth,
Ach mo léan gan mé is tú pósta nó ar bhord na loinge ag dul anonn.

Óra cuirimse na bróin ar an ógbhean nár fhan mar a bhí
Mar is deas a chasfainn ceol dhi chuile oíche Domhnaigh is mé ag tuar na lín,
Ach b’fhearr liom bheith ag baint na luachair is dá tuar go dtí lá mo bháis
Nó do leanbh a bheith ar mo ghualainn cur do thuairisc is gan í ‘am le fáil.

‘Gus a Mháire a dtug mé grá dhuit, mo chrá géar gan mé ‘gus tú
Ar oileáinín rúin Phádraig san áit nach snámhann an bád ná long,
Ach sagart ní bhfaigheadh scéal air ná aon neach bheadh á lua ná á rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh úd ina bhfuil sí ann.

Is nár cheannaigh mé buidéal réice dom fhéin is do mo mhíle stór
Le beannacht a chur léithe, cúilín craobhach na bhfáinní óir,
Ach braonín ní dheachaigh thar mo bhéal dhe ‘gus mhéadaigh sin ar m’osna go mór,
‘Gus, a bhruinnillín ban Éireann, do dhiaidhsa, a stór, is ní bheidh mé beo.

Is nach bhfuair mé litir scríofa ó mo mhian agus casaoid crua,
Ach nár sheol mé chuici aríst í, is mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Ach léigh mé í go cúramach is na deora ag sileadh le mo ghrua,
‘S nach í rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfadh í go bhfaighidh mé bás.