Sail Óg Rua – Corn Uí Riada 2010

Sail Óg Rua

Nach mise an truaigh Mhuire ag goil ar Charraigín an Fhásaigh,
Ag gol is ag gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú an braon bainne agam a thabharfainn dhó.

Níl mé ach tréith- lag is níl aon mhaith dhá shéanadh
Níl mé ar aon chor ach mar an gceo
Tá fuil mo chroí istigh dá silt ina braonta
‘S a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo Shail Óg Rua.

In aois a sé déag ‘sé fuair mé fhéin í,
Nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhága liom fhéin mé
‘Gus chuaigh tú i gcré uaim i do chailín óg.

Nár bhfearr liom go mór mór mo dhiaidh san ród thú
Ag bleán mo bhó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas Sheoirse is é fháil ina ór buí.
‘S gur faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí.

Dhá bhfaide liom siar thú in íochtar na tíre
Ba dubh í an oíche nó thriallfainn ann
Ach mo thaobh ní shínfead le aon bhean choichínn
Mura bhfaigheadh mé dídean faoi do bhrollach bán.