Barr a’ tSléibhe

Téamaí

Barr a’ tSléibhe

Is a Mháire tá dícéile ort mura dté tú liom an tsléibhe
Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
Tá do theach mór á dhéanamh faoi sheomraí geala an éadan
Agus beidh muid ann go haerach mo léan ar bheagán cíos.

Is dá bhfeicfeá barr an tsléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí
Níl duibheagán sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth.
Tá an broc ar thaobh an léanna ann, tá an sionnach rua ar na péaca
Tá an giorria ag poc-léimneach le pléisiúr insa bhfraoch.

Is tá úth na mba ag pléascadh is iad ag tíocht abhaile ‘géimneach
Nach binn deas ceol na n-éan ann sna gleannta teacht na hoíche
Tá an fear ‘s a bhean in éineacht  go grámhar lena chéile.
Is an seanduine bheadh na céadta bliain níorbh fhada leis a shaol.

Tá coirce bán is eorna ann tá fataí ‘s arán go leor ann
Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is tá fáilte roimh gach n-aon
Tá O’Reilly seinm cheoil ann, tá fíon tá brandy ‘s beoir ann
I gcomhluadar daoine móra is an t-airgead dá roinnt.

Tá an stil i rith i gcónaí ann is na baraillí á líonadh
Tá cuireadh ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
Tá an sagart ann is cóire dhá bhfaighfeá in aon deoise
Is a Mháire tóg mo chomhairle ó tar is éalaigh liom.