An Chéad Mháirt de Fhómhar

Amhránaí

An chéad Mháirt de Fhómhar ba bhrónach tuirseach mo scéal.
Lámh thapaí a bhí cróga ag gabháil romham ar leabaí na n-éag.
Ar Charraig na nDeor is dóigh gur chaill mé mo radharc,
Is go dtéigh mé faoi fhód ní thógfad m’aigne i do dhéidh.

Tá do mháthair agus Niall faoi chian is fada leo an lá.
D’fhág tú osna ina gcliabh nach leigheasann dochtúir ná lia.
Ar sholáthar mé riamh is bíodh sé ‘lig cruinn i mo láimh,
Ná go dtabharfainn é uaim ach fuascladh Padaí bheith slán.

Tá do dheirfiúracha cráite de ghnáth is iad ag sileadh na súl
Agus gan fhios cé an lá go bráth a n-imeoidh a gcumha.
D’fhág tú d’aicme faoi smál is nach náir liom mar rinne tú an siúl
Nuair nár agair tú Párthas ar spás beag eile a thabhairt dúinn.

Ba charthannach fial thú riamh is ba shona do lámh
Agus bheifeá faoi chian mura riafá dá dtiocfadh in do dháil.
Ba deismir do chiall le gach aon de d’aicme ar an tsráid
Is ní mhairfead beo bliain i mbuaireamh in d’easpa mar tá.

Mo mhallacht go buan faoi bhruach an chladaigh seo thíos;
D’fhág tú d’aicme faoi ghruaim is rinne gual dubh in aice mo chroí.
Is é do chur ins an uaigh, monuar, a d’fhág mise gan bhrí
Gan mhisneach, gan stuaim, ach mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoth.