Geaftaí Bhaile Buí – Corn Uí Riada 2017

Amhránaí

Geaftaí Bhaile Buí

Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh
A bhí amaideach baoth déanta.
Éaló le mnaoi seal tamaill ins an oíche
Ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí.
Bhí mé lag gan bhrí, gan misneach in mo chroí
Is í agam ar mhínshléibhe;
Bhí an codladh do mo chloí agus b’éigin domhsa luí
Agus d’imigh sí ina fíormhaighdean.

Ag goil a luí don ghréin fán am seo aréir
Nach agamsa a bhí an scéal buartha.
A shamhailt domhsa an té a shínfí ins an chré
‘S a Mhuire nach mé an truaighe.
‘Sé déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair:
“Altaigh leis na mná, a bhuachaill.”
Is an méid a ngoillfeadh orthu mo chás, óra ghoilfeadh siad a sáith
Fá mo chroí a bheith ina lár ‘na ghual dubh.

Dá mbeinnse thall sa Spáinn mo luí ar leabaidh an bháis
Agus cluinimse do dháil in Éirinn,
D’éirochainn go sámh leis an bhradán ar an tsnámh
I nduibheagán i lár na hÉirne.
Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go bráth
Mura bhfaighidh mise scríofa i mBéarla é.
Gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás
Ag dúil go bhfaighinn-se spás ar éigin.

Nach agamsa atá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil
Cé gur soineanta clár a héadain.
Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr
Agus b’fhurasta ár gcás a réiteach.
An mada rua bheith sách, an chaora dhubh ar fáil
Is ní chluinfidh mé go bráth ag éileamh.
Agus m’fhocal duit, s Sheáin, go bhfuil ealaíon ins na mná
Agus codail fhéin go sámh ina n-éagmais.

A Mhuire agus a Rí, nach mairg a bíos
I dtoiseach an tsaoil le pléisiúr
‘S a ghiorracht is a bíos an tinneas do do chloí
Ó do tharraingt ar na críocha déanach
Á níl sé ar an domhan ní ar bith och ó
Is peacaí ná is mó a ndéantar
Ná maighdean dheas óg a mhealladh le do phóg
Is a fágáil faoi bhrón ‘na dhiaidh sin.