Featlaí Pheadair Uí Dhoirnín – Corn Uí Riada 2017

Featlaí Pheadair Uí Dhoirnín

Ar mhullach Átha Buí i mo luí teacht ghoirm na gcuach
Sé chonaic mé naoi mná caoimhe ag frasghol dá ngruaidh
Parnásas na dtrí sruth íce tirim go bruach
Is ar chnoc na mban sí gur éirigh tuirse agus gruaim.

Bhí Apollo ina luí gan bhrí, gan mhisnigh, gan stuaim
Mineirve ag caoi, is a croí istigh ag bascarnaigh suas
Aeólas le fíoch ag síobadh Neiptiúin ón gcuan
Is mac Manair ná mhian leis siansa a chanadh nó duan.

Níor fhada ina dhiaidh sin gur éirigh chugam ar cuairt
Diana ón Ghréig, is a péarlaí daite gan snua
D’fhiafraíos den néímhghin mhéarlag mhilis na mbua
Cé acu de shíol Éabha fár éigh sí a bosa go cruaigh.

D’fhreagair dom an ghéag mar thaoscadh toinne le cuan
Dá dhearbhadh dom fhéin gan bhréag, gan mhagadh, gan chluain
Go raibh Oracel Gael ag éaga in aice an taoibh ó thuaidh
Ó Doirnín na Séad fuair léagsa ar chliste na ndruaigh.

Mo dhalta, mo spré, mo shamharclán cogair gach uair!
Is bálach gan chéill mé nach ndéanfadh caidreamh le stuaim
Ach dá dteagmhódh dó féin fear céillí carthanach suairc
Do sceithfeadh go léir sruth gléigeal Helicon uaidh.

Ní raibh curadh nó réics ar mhaoilinn Theamhrach na ndrua
Nó in Eamhain na n-éacht fár éigníú teach na Craobhrua
Nó ruthar a thug Méabh do laochra Uladh na slua
Nach dtigeadh lechéill tráth shéidfeadh an beathuisce suas.

Sí Banba fhéin an mheirdreach mhínáireach gach uair
A scar le gach céile dár cheangal di cumann gan chluain
Ó Pharthalán na mbéimeann go ré Clainne Chearmada anuas
Is gach flaith de shliocht Ghaeil dár ghléas ón Easpáinn ar cuairt.

Míle, seacht gcéad, seasca is ocht mbliana anuas
Trí mhí ina dhiaidh sin, aois Mhic Mhuire san uaigh
Ar an cúigiú lá séimh de laetha an Aibreáin gan cluain
Chuaigh Ó Doirnín i gcré, fear déanta laoi agus duan.