Máire Bhruinneall – Sean Nós

Téamaí

Máire Bhruinneall

Tá báb dheas gheanúil ‘san áit nach bhfuilim
Is áille maise is a féachaint,
Agus grá go dtug dí thar mhná na cruinne
Is go bráth ní thig liom a séanadh.
Tá píob a brollaigh ar lí na h-eala
Ag éirí ar maidin lá gréine,
Is a gnaoi comh maisiúil le réalta an earraigh
Is a ciabh mar chleite an fhéich dhuibh.

‘S a Mháire Bhruinneall bhí lá is ní chuirfeá
Mo cháin ó Dhoire go hÉirne;
B’é an stá bhí orm bróg’ arda is buclaí
Is ní áirím culaith mhaith éadaigh.
‘Sé fáth mo thuirse gach lá dá bhfuilim
‘San áit nach gcluinim do scéala;
Gur bhfearr liom tamall de lá os do choinne
Ná ar fhás de chruithneacht in Éirinn.

Is trua gan mise ‘s mo phlannda i n-Inis
Taobh thoir de Bhaile Chúil Raithine,
Faoi bhéal na binne nó’r bhruach na Finne
Nó ag féachaint loingis ar sáile.
Oíche is maidin bím ag machnamh
Cá bhfuaireas a maise ‘s a méin mhaith.
‘S nárbh aoibhinn m’aigne ach í bheith i m-aice
Is dá mbínn gan bacáil féin léi.

Dá bhfaighmais  uain is lá gan dua
Ba ghearr ár gcuairt san áit seo;
I ngleanntán chung nó ard-choillí thuas
Dhéanaimis ár gcumann ‘s ár n-áras.
Nár mhéanair ár gcumann gan aoinneach chugainn
Ach géaga na coillí ‘n ár láthair-ne
Sé déarfadh gach duine gur lách ar n-imeacht
Mar d’éalaigh Diarmuid agus Gráinne.

Ní bréag a deirim ‘s ní shéanaim ar dhuine
Go h-éag go bhfuilim i ngrá léi;
Tá neart nach bhfeicfear is go leor a cheiltear
Atá ar a ndícheall ‘á sárú.
Sháraigh sin orm is go sáraigh orthu
Is mná na cruinne go dtréigfead
Sé mo chrá nach bhfuilim san teampall curtha
Is mo cháirde ag pilleadh go tréith-lag.