Rachainn Fán Choill Leat – Corn Uí Riada 2015

Rachainn Fán Choill Leat

Rachainn fán choill leat a mhaighdean na n-órfholt,
Ag féachaint ar éanlaith ‘s ag éisteacht a gceolghob,
Beidh fidil ag caoinche, beidh píob ag an smólach,
Londubh ag cur canadh le ansacht a chléibh duit.

Beidh liú ag an dreolán is orgán ag céirseach,
An fhuiseog ‘s an meantán ‘s a dtiompaín go gléasta,
An gealbhan sa tom glas ‘s a thrumpa ina bhéal-san,
Ag bualadh poirt damhsa le ansacht a chléibh duit.

Beidh coilm agus fearáin ag crón le chéile,
An truideóg ‘s an sacán go cóngarach ag léimnigh,
Cuach bheag na craoibhe ag silleadh do d’fhéachaint,
Gearrghoirt agus traonach de shíor frat, a théagair.

Ó beidh an macalla inár n-aice-ne ag gáirí,
Beidh na mná sí is braoine ar a gcláirsigh,
Beidh an uile ní frat dar mian leat, a chathaigh,
Go deo na díle ní scaoilfidh mo pháirt leat.

Beidh dealramh na gréine ag sméideadh go drithleach
Orainne féachaint trí ghéagaibh na coilleadh,
Drúilíní ag súgradh, ba chiúl leat an t-uisce,
Gearrghoirt agus traonach de shíor frat,a théagair.

(An Freagra)
Ó rachaidh mé fhéin leat gan éaradh go súgach,
Ag féachaint ‘s ag éisteacht na n-éan sin ag súgradh,
Céad b’fhearr liom fhéin sin ná féasta na cúirte;
A ailleáin, is a théagair siúd mé leat gan diúltadh.