Pilib Séimh Ó Fathaigh – Sean Nós na mBan 2017

Pilib Séimh Ó Fathaigh

Aréir agus mé ag machnamh ar mhaoilinn an leasa
Cé chífinn chugham ag tarraingt ach an tsíbhruinneall óg,
A raibh brat chumha léi go talamh, a géag léi ar leathadh
‘S a cuacha buí gan chasadh, ag titim léi go feoir;
D’fhiosraíos féin den ainnir cén dhi nó a hainm,
‘An tú síbhean na Craige, Ríon Airt nó Mór,
Nó Áine Chaomh Nic Gearailt gaol dlúth ár gcarad
Atá ag éileamh an mharcaigh sa mBuíchnoc na sló?’

Ag taobh liom an ainnir, a scéimh chrobh mar an eala,
An réalthan gan ghangaid do b’áille ar bith snó,
‘A shéimhfhir, a labhair, ag géarghol ‘s ag caismirt,
‘Réifidh mé do gheasa nach suíimís go fóill;
Is mé Áine Chaomh Nic Gearailt ó Dhún Aolbhrú na Seabhac
Mara bhfuil tréanfhuil ag caismirt go dianmhar as mo dheoidh,
Táim traochta le tamall ó bheith ag éileamh bhur marbh
‘S é Pilib Séimh Ó Fathaigh fáth mo dhubhróin.’

‘Mo léan agus mo thuirse, an tréanfhear gan fuinneamh,
Atá daorsnoite i dtinneas ‘gus i ríochtaibh dúbhróin,
Nó ar fhéidir go gcuirfeadh an séithleach ort sa cluiche an imirt
Glaofad feasta ar Mhuire is ar Mhaighdean na hÓighe
Beidh do chéile is do linbh a’ géarghol go connail
I d’éileamh-se, a Philib, is tú sínte gan treoir,
‘S má théann ort san imirt, déan liom ionad coinne,
Is raghad mé d’ fhéachaint Lá ‘le Muire go dtí an mBuíchnoc na sló.

Is méin liomsa feasta ar do ghaolta-sa labhairt
A shéimhfhir gan ghangaid, a shíolraigh ón bpór
Gréagaigh is Craithigh, is na Paoraigh a b’fhearra
Lucht éigse do labhairt, lucht saighead agus treoir
Níl aon díobh ’na mbeathaigh a réabadh ár ngeasa
Glaoite as diaidh t’ainm-se sa tír úd id’ dheoidh
Ó shéanais do charaid ag dul faoi bhéil lice i nglasaibh
Mar a chuaigh Phoebus fá scamall is a mbaoi chnoc faoi bhrón.

Ó is méin liomsa feasta géilleadh dod theastas
A bheith an tréanfhuil i gceannas sa mBuíchnoc, dár ndóigh
An tAonmhac i do ghlacadh i gcomhluadar na bhflaitheas
A thabhairt saorbhreith ar t’anam is á shaoradh ó gach brón;
Beannacht Mhaighdean na Flaithis ar chuais faoina brata,
Lonradh na scabaill na gcros leat is na gcorón’
Beannacht na naomh ‘s na n-aingeal ‘s gach n-aon eile dar thaithís.
Is mo bheannacht fhéin leat gan ghangaid go Ríocht geal na nGlór.