Éaman Mhágáinne – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Éaman Mhágáinne

Idir Chorcaigh agus Dúghlas sea do chonacsa mo rúnsa
Go hatuirseach, tabhartha im’ choinnibh sa ród 
Do labhair sí go tláith liom, lena comhrá binn mánla, 
Is do chuir sí romham fáilte is na céad míle póg.

Seo litir duit ó m’athair is na beannachtaí ó mo mháithrín
Le tabhairt anseo id’ láthair, a ógánaigh óig,
Is go bhfaighirse na táinte agus spré ‘s stoc le áireamh
‘Gus mise mar bharr air, sin choíche ‘s go deo.

Ní ghlacfainnse an tórraimh an t-ór buí ná an pláta,
Ná tusa mar bharr air, sin choíche is go deo
Mar go bhfuilimse náirithe le bliain is trí ráithe
Ag iníon Sheáin Dáibhís ó Chontae Mhaigh Eo.

Mo chreach is mo scimhle nach marbh lag sea bhíos-sa
An lá a casadh orm sa ród thú a ógánaigh óig,
Sara mbeadh sé dá rá acu go mbeadh bean eile ag luí leat
Agus mise ag siúl na tíre is ná faighinn dul i do threo.

Ná bíodh sé dá hinsint anois ort ná choíche,
Fill abhaile chun do mhuintir a chailín bhig óig;
‘Mise Éamann Mhágáine nár las riamh le náire,
Is go bhfaighir ar dtír bán mé nó san áit is fearr ceol