Táilliúr a’ Mhagadh – Sean Nós na mBan 2016

Táilliúr a’ Mhagadh

Is thíos ag an tobar ’sea chuir mise an fáinne amú,
Sea dhearc mé an ainnir ba dheise is ba bhreáichte snua,
Bhí a grua thrí lasadh ’s a leicne mar bhláth na n-úll,
’S má dhearc sise mise níor lig sí mo shláinte liom.

Ó is dá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht
Óra, d’osclóinn an doras ‘s ligfinn thú fhéin isteach
Ó chóireoinn do leaba ’gus luífinn in éindigh leat,
Is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

Ó is a tháilliúr a’ mhagaidh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an talmhaí a dhéanfas go domhain mo theach,
A éireos ar maidin ’s a chroithfeas an síol i gceart,
Is nach suífeadh cois dorais ag feadaíl ná ag ruaigeadh cearc.

‘S a’ tháilliúr a’ mhagaidh nach postúil a d’iarrfá bean
Gan lúib gan pota is gan ní ar bith a bhainfeadh do theach
Do shiosúr, is do mhiosúr is tú ag imeacht ó theach go teach
Cur síos ar do chomharsan ’s an té siúd nár thaithin leat.

Ó is an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadán ann is féar,
’S bíonn ceol binn na mbeacha a’ baint meala de bharr na gcraobh
Bíonn an bradán ag preabadh ’s an breac geal ag snámh go réidh,
’S mo stóirín á mealladh ag fear eile le fáinne an lae.