A Mháire Ní Laoghaire

Amhránaí

A Mháire Ní Laoghaire

Ó ‘s a Mháire Ní Laoghaire ó Bhéal a’ Chéime, mar a mbíonn an eilit mhaol dá múscailt,
An amhla’ éagais ná hairím aonphioc de ghuth do bhéal sa dúthaigh.
Nó an bhfacaís éinne ag gabháil moch nó déanach sa ghleann seo taobh le Diúchoill,
Do ‘neosfadh scéal duit ar chúrsaí an tsaoil seo go bhfuil Clanna Gael i gcúngracht.

Do chuala scéilín anois le déanaí ó fhideoig shlé ‘ bhí i nDiúchoill,
Go suífeadh téarma gan mhoill in Éirinn a chuirfeadh béir ar gcúlaibh.
Is go mbeadh Repealers is a bhfórsaí tréana agus cúnamh Dé dá stiúradh.
Agus buíon an Bhéarla gan fíon gan féasta agus caitheamh piléar dá rúscadh.

‘S go n-éirí an saol leis an bhfideoig shlé’ amuigh do thug an scéal san chughamsa
‘S le grá’ s le méin duit thar mhnáibh na hÉireann a bhláth ‘ s a chraobh an údair.
Do bhís chomh héasca ‘gus lách le béiribh is a bhfágaint tréith le púdar,
Tá an cairde taobh leo le grásta an Aonmhic do ghearr an téarma ar dtúis dóibh.

Beidh stealladh piléar agus pící géara dá gcur ‘na méadail bhrúidigh,
Beidh cloch is craobh orthu ó láimh gach éinne agus mallacht Dé ar a gcomplacht,
Is go mbeidh siad faon-lag faoi spalladh gréine gan neach sa tsaol ‘na gcúram,
Is a gcoin ‘s a mbeagles ‘s a gcapaill traochta gan dúil i ngéim ná i liú acu.

Is dá mbeinnse ar chlár ghlan thobac gearrtha is fé sholas bhán gan múchadh
Is go n-aireoinn rás ar an dream sa chráigh sinn go d’éireoinn láidir chuchu
Tá mo shúil lem mháistir ná raghad don bhán glas go bhfeicfeadh tláth na gcomplacht
Is go mbead ’á n-áireamh i bpollaibh báite, is le failltibh arda dá rúscadh.

Is a mhic a’ dea-athar, do chuala trácht ort, gur b’fada do cháil id’ dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoi bhláth ort a chuirfidh caráiste is fonn ort;
Dá gcastaí lá orm tú i dtigh an tábhairne do thabharfainn cárt faoi chúr dhuit,
Is crothadh láimhe is ól do shláinte ‘s puins ar chláir go flúirseach.

Is go deimhin a stóirín, más fíor do ghlórtha go ndéanfá óg arís mé,
Chun ‘tally-ho’ bheith ar mhnáibh na rógairí itheann feoil Dé hAoine.
Is é deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
‘S ná leanann comhairle na cléire córach, is gabháil an bóthar díreach.

Amhráin eile le Eoin Warner