Na Táilliúirí – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Na Táilliúirí

Tráthnóna Dé Sathairn,’s mé ‘stigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair is piúnt os mo chomhair.
Do tháinig chugam gasra ‘s do luíodar ar ól,
A’ díol is a’ glaoch ar na cardibh.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Sé dúirt an fear críonna, ‘ an tomhas a chóireodh,
Dá bhfeicfeadh sé duine ‘siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh sé culaith air ó smigín go bróg
Gan farcadh ná feithleog ar fháithim.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ar tháilliúirí oilte níl meas ar do shórt.
Mura bhfeicfinn sa chúinne don duine ach a chló
Chuirfinn culaith air den bhfaisean is déanaí.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Sár ar rith liomsa an ghloine a bhí agamsa le n-ól
Bhuail táilliúr na buile le pleannc an fear óg.
Gloiní ‘na mbplanntracha, a’ titim den mbord
Is tiomáineadh ar buile ‘n fear tábhairne.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

D’éiríos im sheasamh chun réitigh, dar ndóigh
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d’ fhuil shrón.
Ciceanna teanna a bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo loirgne stractha ‘gus gearrtha.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.