Sagart Na Cúile Báine – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Téamaí

Sagart na Cúile Báine

Thug mé an ruaig ó Thobar Mhic an Duáin
Is chugat anuas le fána
Ó chontae na Mí go Loch Dearg na Naomh
Is chugat aníos Chruach Phádraig.
Ar shiúil mé go fóill níor chualas aon cheol,
Ar orgán, ar fhliúit ná ar chláirseach
Mar go bhfuil siad faoi lon i dteach phobail Mhaigh Eo
Ag sagart na cúile báine.

Is má théann tú go deo go Contae Mhaigh Eo,
Cuir tuairisc de fhear de Sheoigheach,
Is gheobhaidh tú é ag teacht chugat sa ród
Mar a bheadh aingeal as ríocht na glóire.
Téir ar do ghlúine is aithris dhó do rún,
Is gur peacach a shúil ins gach ceard thú
Is ar uair ár mbáis na Flaithis go bhfaighe
Ó shagart na cúile báine.

Éirigí suas nó go dtéigh muid chun siúil,
Is go bhfaighimid siúd ón bPápa,
Is go bhfaighe muid leas ar theach phobail Mhaigh Eo
Go shagart na cúile báine.
Éirigí suas nó go dtéigh muid chun siúil,
Is go bhfaighimid sagart na cúile báine.
A d’imigh aréir is nach b’fhillidh go héag
Mar go bhfuil sé i Loch Éirne báite.

Tá muintir Mhaigh Eo faoi leatrom go deo
Ó cailleadh an t-aonmhac Sheoigheach
Is go gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo
A d’fheicfeadh é in éadach an Domhnaigh
Chuirfeadh sé séala ort ag goil in san gcré dhuit
‘S gheobhadh sé na grásta ó Chríost,
‘Gus chuirfeadh sé ar an eolas an té nach mbeadh cóir,
Is thaispeánadh sé an treoir dhó díreach.

‘S níorbh ionadh liom fhéin dhá lasadh an spéir,
‘S na réalta bheith chomh dubh le h-airní,
An dealramh ón ngréin is an ghealach í fhéin,
Ó cailleadh ceann seasta na háite.
Paidir is Cré an Dá Aspal Déag,
Is t-onóir go Rí na nGrásta.
‘S gan muid a chuir sa gcré nó go mínítear an scéal
Ar shagart na Cúile Báine.