Baba ‘ac Con Rí – Sean Nós

Téamaí

Baba ‘ac Con Rí

Tá pota mór fataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí

Óra, pota na leath-chloiche a chuireanns sé síos.

Is a bhó mo leanbh a bhó mo lao
A bhó mo leanbh is cé déarfadh nach í!

Tá ciseoig mhór fhataí ‘Tigh Phádraig ‘Con Rí

Agus Baba sin ‘ainne is í ataithe dhá n-ithe!

Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag caitheamh an chloth shawl

Ó bíonn Baba sin ‘ainne agus pluid ar a ceann!

Nuair a bhíonns mná mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae

Bíonn Baba sin ‘ainne agus méar ina béal!

Cuirfidh muid cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Cuirfidh muid cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Cuirfidh muid cóiste faoi Bhaba ‘Con Rí
Óra, seanphota gliomaigh agus rothaí a chur faoi!

Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Tá Baba ‘na codladh i leaba chlúmhaigh
Ná dúisigh mo leanbh – is cé déarfadh nach í!