Baile Uí Laoi – Sean nós na bhFear 2019

Baile Uí Laoi

Ag gabháil ‘un an Aifrinn dom le toil na nGrásta
Bhí an lá ag báisteach agus d’ardaigh gaoth
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
Agus thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Labhair mé léi go múinte mánla
Gur is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí
Séard a dúirt sí: ‘Raiftearaí, tá m’intinn sásta
Agus gluais go lá liom go Baile Uí Laoi.’

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
Ach rinne mé gáire ‘gus gheit mo chroí,
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
Níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí
Leag sí anuas bord a raibh gloine agus cárt air
Is an cúilín fáinneach le m’ais ina suí
Séard dúirt sí: ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
Tá an siléar láidir a’ainn i mBaile Uí Laoi.’

‘Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
Is deise méin is ‘s áille gnaoi
Míle cléireach is a ghoil in éineacht
Trian a tréartha ní fhéadfadh scríobh
Bhuail sí Deirdre le breáichte agus Véineas
Dá n-abraínn Héilean lér scriosadh an Traoi
Siúd í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh
Ar an bpabhsae gléigeal ‘tá i mBaile Uí Laoi.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
Is thú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Laoi
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó agus sméara
Agus ceiliúr éan ann mar na ceolta sí
Níl brí sa méid sin dhá bhfaighfeá léargas
Ar bhláth na gcraobh ‘tá lena hais ina suí
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.

Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc fré chéile
An Spáinn an Ghréig is ar ais aríst
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne.
Ní fheicfeá féirín ar bith mar í.
Bhí a grua thrí lasadh is a malaí caola
A haghaidh dhá réir sin is a béal tais mín
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin
A thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Laoi.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
A chúilín ómra, a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanaim comhairle
Fá choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
Puins ar bord is dá n-óltá fíon
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
Is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.