Brídín Bhéasaigh – Sean nós na bhFear 2016

Brídín Bhéasaigh

Phósfainn Brídín Bhéasaigh,
Gan cóta, bróig ná léine,
A stór mo chroí, dá m’fhéidir liom
Go dtroiscfinn leat naoi dtráth,
Gan bhia gan deoch gan aon chuid
Ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn mé ‘gus tú bheith in éindí,
Le go réitódh muid ár gcás.

A ghrua ar dhath na gcaorthann,
A chuaichín bharr a’ tsléibhe,
Do gheall is ná déan bréag liom
Ach éirigh leis an lá,
‘S in ainneoin dlí na cléire
Go bpósfainn thú mar chéile
Is a Dhia nár dheas an scéala sin,
Duine ag éalú lena ghrá.

Gheit mo chroí le buaireamh
Agus scanraigh mé naoi n-uaire,
An mhaidin úd ar chuala mé
Nach raibh tú romham le fáil,
‘S a liachtaí lá faoi shuairceas
A raibh mise is thú ar uaigneas,
Gan neach ar bith dhá gcumhdach
Ach an crúiscín is é ar an gclár.

Dhá bhfaighinn amach do thuairisc,
Dhá dtéitheá go bun na Cruaiche,
Óra rachadh an scéal ró chrua orm
Nó go leanfainn do mo ghrá,
‘S go mb’fhearr liom sínte suas leat
Is gan fúinn ach fraoch is luachair,
Ná a bheith ag éisteacht leis na cuacha
A bhíonn ag ceol gach maidin bhreá.

Sé ábhar m’osna ‘s m’éagaoin
Gach maidin mhoch dhá n-éirím,
A chúl na lúb ‘s na bpéarlaí
Nach tú bhí dhomsa i ndán,
‘S ní iarrfainn leat mar fhéirín
Ach mé is thú bheith in éindí,
In áit éicínt ‘nár n-aonar
Le go leagfainn ort mo láimh.

Sheinnfinn ceol ar théada
Go binn le barr mo mhéara,
Óra thréigfinn mná na hÉireann ort
Agus leanfainn thú sa snámh
‘S dhá mbeinn mo rí ar na Gréagaigh
Nó ‘mo phrionsa ar na céadta,
Nach mbéarfainn suas an méid sin
Do phéarla an bhrollaigh bháin.

Dá bhfeicteá réalt an eolais
Is í ag tíocht i mbéal an bhóthair
Déarfá gur mba sheoid uait í
A thógfadh ceo ‘gus draíocht
Bhí a grua ar dhath na rósa
Agus a súil mar dhrúcht an Fhómhair
Bhí a béilín tanaí ró-dheas
Agus a bráid ar dhath an aoil.

Bhí a dhá cíoch chumtha comh chruinn
Mhol mé iad is níor mhór dhom
Ina seasamh ag déanamh lóchrainn
‘S iad ceaptha os comhair a croí
‘S ó tá mé i mbrón is i ndólás
Ó scior tú uaim thar teorainn
Cé gur fada ó fuair mé comhairle
Go ngiorrfá ar mo shaol.

A scéimh, a croí, ‘s a breáichte
Ní scríobhfadh Virgil ráithe
Bhí a dhá cíoch gheala bhána
Mar an eala ar a’ toinn
Bhí a malaí caola táirní
‘S a súil chomh cruinn le áirne
A bhíonns i gcónaí tá’s againn
Ag fás ar bharr an toim.

Ba mhilse blas a póigín
Ná mil na mbeach ‘s í reoite
Ba deas a seasamh i mbróigín
‘S a cúilín fáinneach fionn
Is dá mbeinnse ‘s bláth na hóige
I mBalla nó i mBoth Chomhla
Ní fhágaimis go Fómhar é
Ach a’ spóirt is ag déanamh grinn.

Tosóidh mé thíos i mBréachmhaoigh
Agus rachaidh mé Loch Éirne
Ó Shligeach go Bun Ceise
Sea bhéarfaidh mé mo scríb
Siúlfaidh mé Móin Éile
Ó Chorcaigh go Binn Éadair
Ní sheasfaidh mé i dTuaim Gréine
Nó go dtéigh mé go Trá Lí.

Níl gleanntáin cnoic ná sléibhe
‘Ná baile-cuain san méid sin
Nach siúlfaidh mé má fhéadaim
Is nach dtóróidh mé mo mhian
‘S mara bhfágha mé Bríd sa méid sin
Níl agam le rá léi
Ach slán agus beannacht Dé a chur
Le bláth na sú craobh.