Baile Bhúirne – Sean Nós

Téamaí

Baile Bhúirne

Tréimhse a chaitheasa seal go haerach,
I measc mo ghaolta go soilbhir sámh
Gan suim i gcleasaibh ná i gcúrsaí an tsaoil seo
A chuirfeadh m’intinn ar seachrán
Thugas gean ‘s urraim dom’ bhaile dhúchais
Fuair cion ‘s clú ar fud Inse Fáil
‘S ní thréigfeadh feasta don ghrá ró-dhlúth san
Do Bhaile Bhúirne go bhfaghaidh mé bás.

Is breá í amharc a cnoic ‘s a sléibhte gach
 ‘S a gleannta féarmhar gach maidin cheoidh
Is fuaim gach caise ag sníomh go héasca
Go sroichfead béal na mara móir
Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach
Ag fás go líonmhar i measc gach gleann
Go bhfaigheann an sionnach ó scáth ‘s díon ann
An druid chiardhubh ‘s an broc ‘s an creabhar.

Tá Baile Bhúirne go fairsing fáilteach
Á riar ar tháintibh a ghabhann an treo
Go bhfuil grá ar lasadh i gcroí gach éinne
Rug thar ar aon ní dá bhfeacaís fós
Bíonn triail na sluaite ar a Tiobraid naofa
Tá le cian fé chlú is fé ghradam mhór
Agus impím feasta ar Ghobnait Naofa
Bheith mar dhíon ‘s scáth dúinn pé áit ina ngeofainn.