An Droighneán Donn – Amhráin in Ansa Liom

An Droighneán Donn

Síleann céad acu gur leo fhéin mé nuair ólaim leánn
Is go dtéann dhá dtrian síos dom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom,
Sneachta séidte agus é dá shíor-chur ar Shliabh Uí Fhloinn,
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní bíos ar a’ Droighneán Donn.

Fear gan chéill orthu bíos ag dréim leis, an chraobh ró-ard
Is crann beag íseal lena thaobh sin ar a leagfadh sé a lámh
Cé gur ard é crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr
Fásfaidh sméara ‘gus bláth sú craobh ar a’ chrann is ísle bláth.

Dá mbeinn ‘mo bhádóir ba deas a shnámhfainn ar an fharraige seo anonn
Dá mbeadh léann agam scríobhfainn líne le barr mo phinn
Monuar géar gan mé is tú a ghráigh mo chroí
I ngleanntáin sléibhe le héirí gréine is an drúcht ina luí.

Ní bean buclaí ná bean ribín a d’tabhartha dom
Ach ghearrchaille ghrúma a bhí dána dubh
Mairéad na nGuirnín sí phógadh mo bhéal.
Tá mé buartha fá mo mhuirnín ‘gus ní náire liom é.

Má thuig tú choíche tar san oíche go cúl a’ tí
Tráthnóna nó go moch ar maidin nuair a bís an drúcht ina luí
Cé nach labhraimse bím ag meabhrú go mór fan mo chroí
Is tú mo chéad searc agus ní féidir mo chumha a chloí.