Bríd Óg Ní Mháille – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Bríd Óg Ní Mháille

Is a Bhríd Óg Ní Mháille‘s tú d’fhág mo chroí cráite
D’fhág tú arraingeacha an bháis ag dul fríd cheartlár mo chroí
Tá na céadtaí fear i ngrá le do éadan chiúin aerach
Is go dtug tú barr breáchtacht’ ar Thír Oirghiall más fíor.
 
Maidin chiúin cheomhar go luath luath san Fhómhar   
Casadh cailín óg orm dul romham ins an tslí
Dhearc mé ar a clóca is ar na buclaí a bhí ina bróga
Agus thug mé trí phóg di a d’ardaigh mo chroí.

Is binne guth a béilín ag seinm amhrán Gaeilig
Ná ceol binn na céirsigh is an londubh é fhéin
Goidé an mhaith domh bheith ag éalú tá mo chroí istigh á réabhadh
Is gearr gearr an t-éag uaim muna bhfaighim í mar mhnaoi.

Níl ní ar bith níos áille ná’n ghealach os cionn a’ tsáile
Ná bláth bán na n-airní bíos ag fás ar an draighean
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa i ngach trilsí le breáchtacht
Béilín meala na páirte nach dearna riamh claon.
 
Is buachaill deas óg mé ‘tá triall chun mo phósta
‘Gus ní buan i bhfad beo mé mura bhfaighidh  mé mo mhian
A chuisle is a stóirín déan réidh is bí romhamsa
Cionn deireanach den Domhnach ar bhóithrín Dhroim Sliabh.
 
Is iomaí cailín spéiriúil a d’imeodh uaim go héascaí
Is rósa síoda gléasta ‘s seoda gach dlaoi
Ach b’fhearr liom Bríd mar chéile ná iníon Rí na Gréige
Nárbh í Helen tharraing an léirscrios is cogadh ar an Traoi.

‘S tuirseach ‘s brónach a chaithimse an Domhnach
Mo hata ‘mo dhorn liom is mé ag osnaí go trom
‘S mé ag amharc ar na bóithre a ‘mbíonns mo ghrá-sa ag dul ann
Anois ag fear eile pósta, och och nárbh í an feall.

Nach mise atá thíos leis a’ pósadh sin bheith déanta,
’S nach gcodlaím san oíche ach ag osnaí go trom.
Nár fhága mé an saol seo go mbeidh mé is tú, a chéadsearc
Ar an aon leaba sínte is mo lámh faoi do cheann.