Úrchill an Chreagáin – Corn Uí Riada 2011

Úrchill an Chreagáin

‘S ag Úirchill a’ Chreagáin sea chodail mise aréir faoi bhrón
Is le héirí na maidne tháinig an ainnir fá mo dhéin le póig
Bhí a gríosghrua gártha aici agus loinnir ina ciabh mar ór
‘S ba é íocshláinte an domhain a bheith ‘g amharc ar a’ ríoghan óg.

A fhialfhir charthanaigh, ná caitear thú sna néalta bróin.
Ach éirigh go tapaidh agus aistrigh liom siar sa ród
Go tír dheas na meala nach bhfuair Galla inti réim go fóill
‘S gheobhair aoibhneas ar hallaí ‘mo mhealladh-sa le siansa ceoil.

A ríoghain is deise is tú Helen fár dtréigfinn slóigh
Nó aon naoi mná deasa Pharnassus thú, a bhí déanta i gcló
C’a níl tír insa chruinne inar hoileadh thú, a réalt gan cheo?
Mar gur mian leat mo shamhailsa bheith ag cogarnaí leat siar sa ród?

Ná fiafraigh domhsa an cheist sin nó ní chodlaím a’ taobh seo den Bhóinn;
Is síogaí beag linbh mé a hoileadh le taobh Ghráinne Óig.
I mbruíon cheart na n-ollamh bím go follas a’ dúscadh an cheoil,
Bím san oíche i dTeamhair ‘s ar maidin i lár Thír Eoghain.

Sé mo ghéarghoin tinnis gur theastaigh uainn Gaeil Thír Eoghain,
‘Gus oidhrí an Fheadha gan seaghais faoi lig dár gcomhair
Géaga glandaite Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh an ceol
‘Is a chuirfeadh éide fá Nollaig ar na hollaimh bheadh a’ géilleadh dóibh.

A ríoghan dheas mhilis más cinniúint duit mé mar stór
Tabhair léagsa is gealladh dom ar maidin sula dtéam sa ród,
Is má éagaim fán tSionainn i gCríoch Mhanainn nó san Éigipt Mhór
Gurb i gCill chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód.