Carraig Aonair – Corn Uí Riada 2019

Carraig Aonair

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Do ghluaiseathair uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht ar bhád, i gcontúirt bhur mbá,
Tá iarsma na bliana in bhur ndiaidh go bhfaighead bás.

‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem’ chlainn,
Agus coicís ón lá san sea tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn.

‘Sé Cormac mo stór, rogha na bhfear óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla a bhí ina bhróig
Gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.

Tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Finín mo chúngracht, fear cothaithe mo thí,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubha an tsléibhe is gan bhréag an chearc fhraoigh.

Is iníon óg mo chroí, ná goilse is ná caoin
Mar gheobhaidh tú togha an nuachair a dhéanfaidh rómhar duit is crích
Ach ní bhfaigheadsa mo mhian, mo thriúr d’fhearaibh grinn
Ná mo cheathrar breá múinte de lúbairí groí.

Is a chlann ó mo chroí, nó an trua libh mar a bhím
Bhur n-athair bocht in aonair ag géarghol is ag caoi
‘Na chuaille throm chríonna i gcúil uaigneach a’ tí
Is an bhean atá in áit bhur máthair ní cás léi mar a bhím.

’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
Gan mo cheathrar bhreá brollaigh gheal fé shruthaibh na dtonn.
Is dá bhfaighinnse mo thriúr, ó tá go doimhin ins an túir,
Is breá do dhéanfainn iad do chaoineadh is do shíneadh nach dúinn.

Nuair a théimse ar an gclaí, nuair a fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair ó pléascann mo chroí.
Thar n-ais liom arís go mullach mo thí,
‘Gus is í Carraig Aonair is céilí dom chlainn.