An Cailín Aerach – Sean Nós na mBan 2019

An Cailín Aerach

Ar maidin Dé Domhnaigh taréis Aifreann d’éisteacht,
Bhí cuileachta shúgach i dtigh Nellie Healy,
Bhí na boird á mbualadh ‘s an t-ól dá ghlaoch ann,
Bhí sí ann is níor ól sí braon de.

‘S an fol de dol de daigh agus fol de dol a déró
Fol de dídil daigh dídil daigh dí déró,
Fol de dol de daigh agus fol de dol de déró
Fol de dídil daigh dídil daighdil dídil déró.

Do thángamar abhaile go tuirseach tréachta,
Is do shuíos ina haice siúd a’ gabháil leathscéil léi,
Ach, do tháinig bean a’ tí isteach is ba chuma nó ar a chaor í,
Is do dhíbir sí gan mhoill uaim an Cailín Aerach.

Curfá
Is a Mháire Ní Thuama ná dein mé a dhaoradh,
Má bhím go mór leis an gCailín Aerach,
An canna a bhí cúrtha, ní ólfadh braon de,
‘S dá siúlfainn léi an Ruachtach geallaim nár bhaol di.

Curfá
Sí an cailín meidhreach í an cailín ceolmhar
Do fuair sé radharc is do bhí dea-eolach
Na cilléirí is na hoigheannta do nífeadh is do scólfadh
Agus im an chéad saghas go dtabharfadh sí ar neoin léi.

Curfá
Le titim a’ drúchta le fonn do sheinnfinn
Nuair chífinn chugam an cailín meidhreach,
Ba ghlaise a súil ná an colúr a scinneann
Is do sciob sí clú thar Chúm go deimhin léi.

Curfá
Nuair a thángamar abhaile go tuirseach traochta
Is do shuíos ina haice siúd a’ gabháil leathscéil léi,
Ach do tháinig bean a’ tí isteach is ba chuma nú an chaor í,
Is do dhíbir sí gan mhoill uaim an Cailín Aerach.

Curfá
‘S dá bhfeicfinn í amáireach ar sráid nó ar aonach,
Bheadh gloine agus cárt inár láimh in éineacht,
‘S ní thógfainnse páirt lena n-aireoinn á daoradh
Mar go rinncfeadh sí ar chlár liom ar áilleacht Éireann.

Curfá
Anois comhairle a bheirim-se a chailíní óga,
Gan a bheith feasta ag magadh nó ag spórt liom
Ach teacht abhaile go luath um’ thráthnóna
Nó gheobhaidh sibh ar maidin hurá chun an bhóthair.

Curfá