Gleann Cam – Corn Uí Riada 2017

Gleann Cam

Aréir ar mo leabaidh go hatuirseach léanmhar
Ag machnamh liom fhéin ar mo chéad míle stór
Do bhí go modhail soineanta triopallach péarlach,
Is a leaca, modhail maordha ‘s ba shoineanta snódh.
Bhí a ciabh léi ar baile-chrith ‘s a leacain mar réalthan
‘S go d’téimse dhá féachaint go minic sa ló.
‘Sé mo léan nach sa bhFrainc nó i Sasana an Bhéarla
Do cailleadh mé fhéin sara ráiníos ‘na treo.

Ní hí bean Chúl na Droma ná bean an Teampaill
Ná fós bean Mhaigh Chromtha atá taréis mo chroí a chrá
Bean Chill Mhuire ná Dhroichead na Bandan
Ná bean bhaile Ghallda cé go mór iad le rá
Bean Shráid an Mhuilinn nó bean Ghleann na Laighne
Bean Bhéal a Mháma ná fuisire Seoigh
Bean Achadh Bolg ná bean Bhaile Chárthuainn
Bean atá in áit ná neosfad go fóill.

Ar mo ghabháil tríd an mbaile go nglaonn siad Gleann Cam air
Go moch maidin Domhnaigh roimh Nollaig Mhór
Sea dhearcas an ainnir gur chailleas mo mheabhair léi
Go soineanta modhail deas im choinnibh sa ród.
Do dhruideas ‘na coinnibh is do chuireas chun labhairt leí
Is do cheapas gan dabht suí ina fochair go fóill
‘A rún ghil ‘s a chumainn, druid anso anall liom
‘S tabhair dom gan chlampar cúpla póg’.

Do fhreagair mé an ainnir go feargach naimhdeach
“A dhuine, nach toghail a dhruideann tú im’ threo
Ná tair-se um aice mar gur deacair dom labhairt leat
A dhuine dod’ shamhail a bhíonn ag teagasc na nóg.
Nach bhfuil fhios agatsa gur mór atá damanta
In Ifreann fann lag de dheascaibh ban óg
In éagmais go ndeirid go díomhaoin do dhream-sa
‘S ná tabharfá aon chabhair dom chun grafadh ná rómhar.

A rúin ghil ‘s a chumainn ná chreidse na ní sin
Óir tá fhios ag do mhuintir go ndéanfainn gach gnó
Do threabhfainn is d’fhuirsinn do dhéanfainn an stáca
Do léimfinn gach páille dá ráiníodh im threo.
Do rincfinn, do rithfinn do bhréagfainn bean mhánla
‘S do scríobhfainn gan cháim dá bhfaighinn peann im dhóid.
Is má théann sé ormsa go meathlódh mo scoláireacht
Go bhfuilim gan spleáchas ábalta ar rómhar.

Do fhreagair mé an ainnir, ar ndóin bhí go náireach
Tuigim do chás-sa a shárfhir gan smól.
Do dhruid sise liomsa agus thug a dá láimh dom
Is dúirt sí liom láithreach gur thaithin léi mo mheoin.
Dá bhfaighinn-se toil m’athar nó leathchead m’ mháithrín
Do phósfainn thú a ghrá sara dtagadh an Fómhar.
Do scar sise liomsa ‘gus mise go cásmhar
Is bhíos go dtí amárach ag síor sileadh deoir.

Do shiúlíos Corcaigh is ceantar na Blárnan
Is níor stádas den stair sin go ndeigheas ar an gCóbh
Síos go Cluain Meala ‘s go Tiobraid Árann
Is do shiúlaíos a lán mór-thimpeall Ráth Mhór.
Tá fhios agaibh cheana go rabhas i gCionn tSáile
Ar bhruacha Chill Airne is gach áit eile ‘á short
A samhail ní fhaca go fhilleas ar m’áitreabh
Stadfad dem dhántaibh is ní dearfad níos mó.