Mo Lacha Bhacach – Sean nós na mban 2015

Mo Lacha Bhacach

A chréatúirín leointe is brón liom do dhreach
Im’choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach
Do sciatháin ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat
‘S do lapa beag gleoite dar ndóigh ina dhá leath.

Is an t-asal is dócha a thug tú le speach.
‘S greadadh go deo air ba mhór é theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi lá air cois teorainn na staic.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi lá air cois teorainn na staic.

Tar anseo im’ dhóid chun go dtomhaisfead do chneá
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac bhac
Idir bhriseadh ‘gus leonadh tá ainnise mhór ort
Is céasadh san domhsa mo lacha bhacach.

Tar liomsa láithreach thar tairsigh isteach
Is fan ann go soláthród duit cláirín is ceirt
Déan cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaidhmigh naoi lá air beir sásta go maith.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Déanfainn cliath dhaingean d’fháisceadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaidhmigh naoi lá air beir sásta go maith.

Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é mheas
Gan an t-ubh gorm bhreá mar ba ghnáth don bricfeast
Is easnamh dom shláinte an bascadh seo tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bhacach.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Is easnamh dom shláinte an bascadh seo tá ort
Ach foighne ‘sé is fearr air mo lacha bhacach.

Stopfad lochán duit go snámhfir amach
‘Sé an t’iochluibh is fearr é do lacha bhacach
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.

Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Dideri de dom dó de dee am de dom dom
Beirse i gcionn spáis bhig a’crothadh sciatháin ann
Is roimh tosach an Mhárta ag ardú bhac bhac.