Dónal na Gréine

Amhránaí

Téamaí

Dónal na Gréine

Fear freic agus froilic i seomra nó halla,
Is é Dónall na Gréine, ar chuala tú a thréithe?
Chaithfeadh sé seachtain ag ól i dtigh leanna,
Is ná titeadh néal air, b’annamh díth céille air.

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónall na gine ‘gus Dónall na gloine
‘Gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

Níl aon bhean i gCorcaigh nach raibh leis i gcumann
Ná cailíní óga, singil is pósta,
Dá mbréagadh is dá mealladh le sé lá na seachtaine
Le bladar is bréaga, eachtraí is scéalta.

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónall na gine ‘gus Dónall na gloine
‘Gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

Is táilliúir is gabha é, is printéir maith leabhar é,
Dónall na gréine, chumadh sé véarsa,
Bord agus leabaí a dhéanfadh go tapaigh,
‘Gus briste breá néata de chraiceann na gcaorach.

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónall na gine ‘gus Dónall na gloine
‘Gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

Oró, b’fhada a léim reatha is bá bhreá a bhuille bata,
In aimsir an éigin, is gur shábháil sé céad fear,
A shamhail d’fhear é le Lughaidh Lámhfhada,
Le hAlastair tréanmhar nó Heircealas Gréagach.

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónall na gine ‘gus Dónall na gloine
‘Gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

Tá Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce,
Is na páistí ag béicigh, na páistí ag béicigh,
Tá Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce,
Is na leanaí ag béicigh, na leanaí ag béicigh.

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónall na gine ‘gus Dónall na gloine
‘Gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé is dá mbeadh a thuilleadh aige,
A chóta is a léine, a chóta is léine,
Le méid a mhisnigh ó sháraigh sé a maireann,
Sin agaibh a thréithe, Dónall na Gréine.

Amhráin eile le Gráinne Holland