Tá na Páipéir Dá Saighneáil – Sean Nós na mBan 2019

Téamaí

Tá na Páipéir Dá Saighneáil

Tá na páipéir dá saighneáil
‘S tá na saighdiúirí ag goil anonn.
‘S tá an drumadóirín aoibhinn aerach
Clanna na Gael ag goil go tír na long
‘S dá mbeadh agam is dhuitse a bhéarfainn
Céad is dhá mhíle bó,
Ar a chuntar is tú a bheith i d’fhéirín liom
Go Contae Mhaigh Eo.

‘S ar mo luí dhom ar mo leaba
Sí m’osna a bhíonns mór.
Is ar m’éirí dhom ar maidin
‘Sí mo phaidir mo dheoir.
Tá gruaig mo chinn ag titim
Is ag imeacht mar an gceo,
Le cumha i do dhiaidh, a mhíle stóirín
‘S ní bheidh mé i bhfad beo.

‘S nuair a éirím amach go huaigneach
Is breathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoiniú ar do chúilín dualach
A d’fhág an chrua arraing thrí mo lár.
‘S tá mo chroí istigh ina leac ghualdhubh
‘Gus fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín óg a bhéarfas uaim thú
Go síntear suas í i gcónra chláir.

‘S tá mo stocaí uilig stróiche
Is tá mo phócaí gan pingin
‘S tá mo nua chulaith phósta
Sé mo léan géar fós gan sníomh
Tá fiacha i dteach an óil orm
Is níor ól mé riamh braon,
Sé mo léan géar, a mhíle stóirín,
Gan mé ’s tú óg seal arís.

‘S nach aoibhinn go na héiníní
A éiríonns go hard,
A bhíonns ag ceiliúradh lena chéile
Ar aon chraoibhín amháin.
Ach ní mar sin dhom fhéin é
Ná mo chéad mhíle grá,
Mar is fada fánach óna chéile
A bhíonns ár n-éirí gach lá.