An Cailín Deas Rua

Amhránaí

An Cailín Deas Rua

Ar m’aisling dom féin aréir is mé i’m leaba tré m’ shuain
Go rabhas dul lem’phósadh lem’ stór chroí go h-intinneach suairc
Bhí rince ‘gus ceol go leor dá spreagadh lem’ chluais
Agus céad giní óir ar an mbord lem’ Chailín Deas Rua.

‘Sé Tiobraid Árann a dh’fhágas ar maidin Dé Luain
Níor stadas de’n stáir sin go dtáingheas do’n Daingean ar cuaird
Cé gheobhainn ós cionn cláir ach mo ghrá gheal is í ag imirt ar scuab
Is ar iompódh an mháimh bhí ‘n críonadh ag an gCailín Deas Rua.

Siúd ort a Sheáin ní fhágam an baile go Luan
‘S go bhfuil mo chroí cráite gan aon fháil agam ar toddy ná a luach
‘S gurb é deir na mná liom go mb’fhearr leo mé marbh san uaigh
Mura dtréigfead an clár an cáirt is an Cailín Deas Rua.

Ní thréigfeadsa an clár, an cáirt ná an cnagaire crua
Ní thréigfead ná Máire an bhean mhánla ‘sí ainnir na gcuach,
Ag Aonach an Mhárta thugas grá agus taitneamh dá grua
Is a rúin cheart mo chléibh ná tréig mé mar gheall ar na buaibh.

Ó léan ar na buaibh, is buartha a dh’fhágaid siad mná
Bíonn braon ar a ngrua ó Luan go dtí maidin Dé Máirt
A liacht cailín chiúin stuama nár dhual dóibh imeacht chun fáin
Agus leibidí luaithe ag fáil buacais is gradam ‘na n-áit.

Do chonacas inné in éadach-siopa i bhfad uaim
Ba bhreá ina Vénas an spéir-bhean ‘sí ainnir na gcuach
Níl aon gheallúint sa tsaol ón spéir go dtí’n talamh anuas
Nár thug sí dhom féin agus tar éis sin dh’imigh sí uaim.

Níl aon tslat ins an gcoill ná fuil snaidhm ina bun ná ina barr
Níl aon bhreac ins an linn ná h-éiríonn ar barr uisce snámh
Níl aon tsagart sa ríocht ná h-éiríonn chun Aifrinn a rá
Ach ó dh’imigh sí uaim ní mór ná go n-airím an lá.