Plúirín na mBan Donn Óg – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

Plúirín na mBan Donn Óg

Dá dtiocfá liomsa go Contae Liatrom’,
A phlúirín na mban donn óg,
Ó thabharfainnse mil bheach agus meá mar bhia dhuit,
A phlúirín na mban donn óg;
Bradán gheala do bhéarfainn aniar chugat,
Fíon ‘s beoir le n-ól ‘na ndiaidh siúd
Cead codlata go séimh ar leaba chlúimh éin duit,
A phlúirín na mban donn óg.

Bhéarfainn aer na long, na seol is na mbád duit
A phlúirín na mban donn óg
Fé bharraí na dtonn is sinn ag filleadh ón dtráigh
A phlúirín na mban donn óg
Tuilleadh le fáilt go brách ní dh’iarfainn
Ach a súgradh ‘gus ag gáire de réir mar ba mhian linn
Rince agus ceol dom’ chailín sciathmhar
‘Sí plúirín na mban donn óg.

Ó ná bac do bhriathra balbh baoth
Dúirt plúirín na mban donn óg
Mar ní choinneodh do ghlórtha beo gan bia mé
Dúirt plúirín na mban donn óg
Míle céad fearr liom bheith choíche gan aon fhear
Ná bheith ‘siúl na drúchta sna bhfásach leat
Mo chroí nach dtugann duit grá ná gean
Dúirt plúirín na mban donn óg.

Mo chreach ‘s mo chrá gan mé fáiscithe id’ nead
A phlúirín na mban donn óg
Fé cheangail grá gan scaoileadh go bráth
Le plúirín na mban donn óg
Níl coir dá ndéanfá a fhaoileann na háille
Ná díolfainnse cáin, ná ní ná triallfainn a dh’fháilt
Is ní ligfinnse aon bhrón teacht choíche id’ dháil
A phlúirín na mban donn óg.

Do chonacsa chugam í tré lár an tslé’
Mar bheadh réaltan tríd an gceo
Is do bhí mé ag caint is ag comhrá léi
Ná go ndeachamar go páirc na mbó
Shuíamar síos ar lúbán ard
Go dtug mé scrios dhe fé mo láimh
Ó a Dhia sé an chruachás mura bhfaighidh mé an báb
Sí plúirín na mban donn óg.