Tadhg a’ Dá Thaobh – Sean Nós na bhFear 2014

Amhránaí

Tadhg a’ Dá Thaobh

Is fada do bhí mé ar mhaithibh na tíre,
Ba mhór é mo mhaíomh is mo mheas orm fhéin
Ach anois tá mé claimhte, níl tapa ’s níl brí ionam
Sé’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.

Is oró mo bhuachaillí, thá mé go brónach,
Is oró mo bhrón ar an nGaolainn go léir
Mar dh’fhágadar tréith mé is bhuaileadar caoch mé
Sé’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.

Ba bhréag é mo shaolsa gur tháinig an Ghaolainn
Thá athrú méin ar an dúthaigh go léir
Ó ghlaonn siad ráiméis ar mo ‘eloquence’ néata
Is orm a bhaisteann siad “Tadhg a’ Dá Thaobh”.

Is oró mo bhuachaillí, thá mé go brónach,
Is oró mo bhrón ar an nGaolainn go léir
Mar dh’fhágadar tréith mé is bhuaileadar caoch mé
Sé ’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.

Do bhí gráin ar an dlí agam is fuath dos na ‘Peelers’
Do chuirfinnse síos iad dá gcreidfeá mé fhéin
Is fíochmhar do bheinnse in aghaidh na binse
Gur déanadh JP dhíom is dúnadh mo bhéal.

Is oró mo bhuachaillí, thá mé go brónach,
Is oró mo bhrón ar an nGaolainn go léir
Mar dh’fhágadar tréith mé is bhuaileadar caoch mé
Sé’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.

Do labharfainn go séimh ar dhéantúsaibh na hÉireann
Ar teanga na nGaolainn is Oileáin na Naomh
Is dhíolas im’ áit beag gach earra dá mb’fhéidir,
Gur tháinig an ‘Trademark’ is milleadh mo cheird.

Is oró mo bhuachaillí, thá mé go brónach,
Is oró mo bhrón ar an nGaolainn go léir
Mar dh’fhágadar tréith mé, sea bhuaileadar caoch mé
Sé’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.

Is anois tháim im’ cheap is im’ spóirt ag na ‘neighbours’
Ní chreideann siad aon rud dá dtiteann ó m’ bhéal
Is caitheadsa éalú as oileáin na hÉireann,
Go bhfaighidh mé áit éigin ná aithneofar mé.

Is oró mo bhuachaillí, thá mé go brónach,
Is oró mo bhrón ar an nGaolainn go léir
Mar dh’fhágadar tréith mé, sea bhuaileadar caoch mé
Sé’n t-ainm a ghlaodh orm “Tadhg a’ Dá Thaobh”.