Condae Mhaigh Eo – Corn Uí Riada 2015

Téamaí

Condae Mhaigh Eo

Agus liostáil mé le sáirsint is mé goil sráid an bhaile mhóir,
Agus thug sé sin thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg;
Thug sé gine buí ins chaon láimh dhom ‘gus raidhfil lena ngardáil
Ach dúirt mé leis go mb’fhearr liomsa in Éirinn go mór.

‘S ar an long seo, a Pháidín Ó Loinsigh sea a dhéanaimse dobhrón
Mé ag osnaíl ins an oíche ‘gus mé go síoraí gol sa ló,
Is murach gur dalladh m’intinn, is mé a bheith i bhfad ó mo mhuintir,
Ar maidin is deas a caoinfí mé i gContae Mhaigh Eo.

Agus murach bás mo mháithrín nach mbeinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins chaon láimh liom is mé i gcomhluadar ban óg.
Bheadh fíon is puins ar bord againn is bheadh neart ann den fheoil Mhártan
Is ní i Santa Cruz a d’fhágfaí mo chnámha-sa faoin bhfód.

Is go dtaga Cnoc na Cruaiche ar chuairt a’inn don Abhainn Mhór,
Acaill go Dúiche Sheoigheach i mbuachailleacht na mbó;
Go dtige Cnoc na Léime ‘gus go dtitfidh sí i Loch Éirne
Ach go deo ní fheicfear mise i gContae Mhaigh Eo.

Is tá Cnoc na Ceathrún Caoile ó siamsúlach go leor
Tá coiligh is cearca fraoigh ann is iad go síoraí seinm cheoil
Tá sméara ar bharr na gcraobh ann is tá ullaí beaga buí ann
‘S tá géimneach bó ‘gus laoi ann i teacht go Fhéile Mhuire Mór.

‘S tá ba ‘gus caoirigh bána ag mo mhuintir-sa i Maigh Eo
‘Gus mise anseo go haonraic faoi dheacracht is faoi bhrón
Nach iomaí buachaill muintireach ‘gus cailín socair siamsúlach
Bheadh agam le mé a chaoineadh i gContae Mhaigh Eo.

Is a chomrádaí na dílse, táimse cloíte go mór,
Is ní fhéadaim fhéin cur síos díbh ar dhá thrian de mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas, a maireann go mo mhuintir
Tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo.