Cuaichín Ghleann Néifinn – Amhráin in Ansa Liom

Cuaichín Ghleann Néifinn

Tá féar fada ‘gus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí agus dealra ag fás go hard ar bharra crann ann.
Dhá mbeinnse ‘s mo stóirín pósta ‘s an saol ag gabháil mar is ceart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí ‘gus luach an óil ag bean a’ leanna.

‘S tá cailín óg deas ar thaobh a’ tsléibhe ‘gus deas a’ féirín í le mealladh,
‘Agus chaith mé fhéin an oíche aréir ag súil is go dtabharfainn abhaile í,
Nó gur chúitíos le Seán Seoighe a’ bheith romham ag na bealaigh,
Ó bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín, agus sé pingine ar mo leaba.

‘S tá smúit ar na réalta ar an ngréin ‘s ar an ngealach,
‘S ar amharc mo shúl fhéin is ní léir dhom na bealaigh,
I ndiaidh Chuaichín Ghleann Neifín nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín tabhair ón bpian mé mar ‘sé do mhéin bhreá atá do mo lagan.

Is fágfaidh mise an áit seo mar atá sé an-uaigneach,
‘Gus rachaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín ins chuile áit dá bhfaighinn tuairisc,
Ní léir dhom na cros-bhóithrí ag na deora do mo dhalladh,
Is nach é mo léan géar gan teach mo lóistín san áit a gcóiríonn tú do leaba.