An Bonnán Buí – Fonnadóirí na hAirde

Amhránaí

Téamaí

An Bonnán Buí

A Bhonnáin bhuí bhocht, sé mo thrua do luí thú
Agus tá tú reoite faoi bhun na dtonn.
Tá do ghob is do scornach ar dhath an óir bhuí
Is do bhéilín ródheas faoi leaca lom.
Dá gcuirfeása scéala fá mo dhéinsa
Rachainn go d’fhéachaint dhá uair roimh a’ lá
‘gus bhainfinn géimneach as leaca loch Éirne
Nó go bhfliuchinn do bhéilín is do chroí i do lár.

Ní bó ná gamhna atá mé a’ chaoineadh
An londubh an chéirseach ná an t-éinín glas
Ach mo bhonnán buí bocht le go dtug mé gnaoi dhó
Is go mba cosúil liom fhéin é a shnú is a dhath
Mar bhíodh sé i gcónaí ag síor-ól na dí
‘Gus deir siad go raibh mé amhlaidh seal
Ach deamhan deoir gá bhfaigh mé nach scaoilfeadh siar é
Ar eagla is go bhfaighinnse bás le tart.

‘Gus dúirt mo bhean liom ligean don ól
Nó nach mairfinnse beo ach seal beag gearr
Séard a dúirt mé léi go raibh sí bréagach
Mar go m’fhad ar mo shaol-sa an deoch úd fháil.
‘S nach  bhfeiceann sibh fhéin an buinneán buí bocht.
A chuaigh agus a d’éag leis an tart ar ball.
Ach a chairde Gael, ólaigí  a bhfaighidh sibh
Mar deor ní bhfaighidh sibh tar éis a mbáis.

Beidh an lá amárach ó mar an Domhnach
Is beidh mo phócaí fán go leor
Is go b’iad mná an ósta a chlaoí go mór mé,
sé an méid a d’ól mé a liath mo cheann.
Dheamhain ní dá bhreátha anuas ón Ard Rí
A dtabharfainn-se biorán ar nó go bhfaighinn dhe braon
Ach a Rí na Glóire nach mór an truaigh
Nach dtug tú fáil dom do réir mo chroí.