Cuisle Mo Chroí – Sean Nós na bhFear 2016

Amhránaí

Cuisle Mo Chroí

Do thugas grá cléibh duit a spéirbhean ar dtúis
Ó leagas mo shúil’ ar do bhán chnis
Is go m’fhearr liom ná mór chuid den ór atá im’ phúits
Go mbeifeá sa chlúid ag um mháithrín
Bheadh do mhachaí breá bó ann romhatsa le crú
Is do leaba glan cóirithe ó ló dhuit id rúim
Chuirfinn búclaí id’ bhróga luach corónach is púnt
‘S a stóirín ná tabharfá do láimh dhom.

Ní thabharfainn mo láimh duit go brách le h-aon fhonn
Mar tá scéal ort ansúd ag mo mháithrín
Go bhfuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Go n-ólfá do thriús i dtí an tábhairne
Is gur mhinic scóir ort ó chóróin go dtí púnt
A’ caitheamh do stór le mnáibh óga gan clú
Is taréis díol le fear ceoil ní bheadh feorling id’ phuits.
Is an dóigh leat cé thabharfadh a láimh dhuit.

Ná creid-se na bréaga go léir táid ar siúl
Mar is annamh mé ag dul go dtí ‘n tábhairne
Tá airgead im phócaí ‘gus mór chuid im’ thrúnc
Is níor chaitheas riamh púnt thar aon láthair
Beidh a mhalairt de ghnó agam sa bhFómhar atá chughainn
A’ baint garraithe prátaí is a cur stácaí ar a mbonn
Is mo mhachaí atá lán de bhuaibh bána agus dubha
Is gan éinne dá gcrú ach mo mháithrín.

Tá fear siopa in Eochaill is gheobhainn é le púnt
Is is dócha gurb é siúd ab’ fhearr liom
A dhíolfadh mo mháistir an ráithe seo chugainn
Is a Dhia nach aige siúd bheinn im’ scoláire.
Do thógas ar láimh í go lána a bhí cúng
‘S ba ghairid na dhéidh san go raibh daorphuins dá thabhairt
Dob fhearr í chun glaoite ná éinne sa rúm
Is do dhíol sí go h-umhal as a dtáinig.

Ar maidin amáireach nuair a d’éirigh an drúcht’
Do scread sí is do liúigh sí ar a máithirín
Do fhliuch sí a cuid éadaigh le braonacha súl
Is do mhóidigh go dtabharfainn an fán di.
Airiú dúirt-sa leí éisteacht is déanamh go ciúin
Go raghainn a díol eornan go hEochaill na long
Chuirfinn scataí breá caorach ar an aonach seo chugainn
Is go bpósfainn í i Londain gan spleáchas.

Do ritheas an bóthar is an cóngar anonn
Is ní bhfuaireas in aon chúinne den tsráid é
Go dtánag go suarach fé thuairim a thí
Is bhí ionadh ‘r na daoine cá dtánag
Dá mhéid mo chuid saothair ní dúirt sé liom suí
Ná bain díot do chlóca go n-ólfar braon dí
Ach an sean duine stuacach ar fhuarma ‘na shuí
Is gan rúinne ina phíob’ ach é cnáideach.

‘Riú cár ‘ghaibh na stácaí bhí timpeall do thí
Nú cár ghaibh do chaoirigh le n-áireamh
Nú cár ghaibh an eorna a bhí in Eochaill le díol
Nú cár ghaibh do bha ciardhubh is bána.
Ó bhíosa chomh baoth is gur ghéilleas don shlí
Imeoidh an méid sin sa spéir leis an ngaoth
Ní phósfainn lem’ shaol thú, dá dtéinn ar an bhflít
Ach mairfidh mé choiche ar mo shnáthaid.