Ag fágáil na Cúile Móire Dúinn – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Ag fágáil na Cúile Móire Dúinn

Nach deas an rud na saighdiúirí agus mob an bhaile mhóir
Ag éirí amach ar maidin is a gcuid mná deasa leo.
A gcuid gunnaí ar a ngualainn acu agus an fliúit a’ seinm cheoil
Ó is más páirtí ag gabháil thar sáíle iad mo chreach nach bhfuil mé leo.

Is ag fágáil na Cúíle Móire dúinn, nach againn a bhí an chóir
Bhí gaoth lom ó dheas againn ‘gus farraige a bhí mór
Casadh maide meile orainn mo chreach is mo mhíle bróin
Agus d’fhág sé ar an gCarraig Fhada muid ná lár an bhruithnibh mór.

D’éirigh Eoghan ‘Ac Néile agus phreab sé ar an long
Agus dúirt sé nárbh é an Captaen é nach méit a bhí os a chionn
“Cá bhfuil aon fhear in Éirinn a bhainfeadh domsa an ceann?”
Sul ar scairt na coiligh aréir rinneadh céad cuid don long.

Crochfar mise amáireach agus éireoidh mé beo arís
Go mbainfidh mé mo chúiteamh is mo charrleag ar a taobh
Go mbainfidh mé mo chúiteamh agus máistir grinn
Sul ar ligfinnse mo chailín deas ar lámh le aon fhear faoin rí.

‘S a rí nár b’fhearr duit mise agat ná réice an bhaile mhóir
Nach b’fhearr duit buachaill fearúil agat ná seanduine gan dóigh
Do lámha boga an tsaighdiúra agus gan dadaí le fáil ann.

Is dá mbeadh píopa fada cailce agam agus tobac le cur ann
Buidéal uisce beatha agam agus go leor leor den leann
Leabaí dheas don luíochán le mo ghrá a shíneadh ann.
Is ná go mbuailfinn-se luach na mbuaitaisí as an daol a bhí sa cheann.