Sé Mo Chuairtse Anuas Dé Domhnaigh – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Sé Mo Chuairtse Anuas Dé Domhnaigh

Sé mo chuairte anuas Dé Domhnaigh
A d’fhág faoi dhólás mé le fada
Is mé’ bheith coimhéad achan tráthnóna
San áit ar shiúil mo ghrá liom fán am seo anuraidh.

Shúil ghorm uisce fómhair
‘S do bhéilín ródheas a b’fhearr liom a fheiceáil
‘S a rí ó nach bhfuil mé is tú pósta
Nár dheas mar a sheolfas muid ‘na bhaile.

Nuair a bhí mé insa bhaile
Ag m’athair is ag mo mháthair
Ní raibh aon ní le déanamh
Is nár bheag a b’fhearrde daofa m’obair.

Ach anois atá mé sáraithe
‘S gurbh fhearr liom dá mbeinn sa bhaile
‘S dá mbeadh bliain ar fad sa lá
Go mbeinnse sásta a bheith ag obair.

Is dá mba liomsa flít na hÉireann
Is a bhfuil in Éirinn ó seo go Gaillimh
Go dtabharfainnse duit muir Éireann
Ar a theacht a ghrá dhil liomsa abhaile.

Ach a ógánaigh nár chiúin do gháire
Is ná dtabharfá áras di féin ‘s dá babaí
‘S dar bhrí ná go dearn tú an t-amhgar
‘S gur fhág tú an páiste bocht faoi leatrom.

Ach a choíche má ní tú m’athrach
‘S i ‘ndiaidh do bháis ná go mbeidh tú ag aithrí
Beidh tú ag siúl in do chosa tarnocht
Fríd col fhaich agus clocha sneachta.

‘S tá cúirt fhada ghlégheal
Ag m’athair istigh i dToraigh
Sin oileán taobh thuaidh de Éirinn
Cóngarach do shléibhte Chorrán Binne.

Ach is trua nach bhfuil mé in Ard Lár Thoinn
‘S m’aghaidh bheith thart ar bheanna Thoraigh
Mé bheith ag éisteacht le guth na n-éan
‘S a Dhia nach aoibhinn don té atá i dToraigh.