An Clár Bog Déil – Sean Nós

Téamaí

An Clár Bog Déil

Phósfainn thú gan bhó, gan punt, gan áireamh spré
A chuid den tsaoil le toil do mhuintire,
Dá mb’áil leat é
Sé mo ghalar dúch gan mé ‘gus tú,
A ghrá mo chléibhe, i gCaiseal Mumhan
‘S gan de leaba fúinn ach an clár bog déil.

Siúil a chogar, agus tar i’m fhochair, go dtéam ón ngleann
Agus gheobhaidh tú foscadh ar leaba fhlocais,
Agus aer cois abhann
Beidh na srutha ag déanamh torainn
Faoi ghéaga crann, beidh an lonndubh
‘Nár bhfochair is an chéirseach ann

Searc mo chléibhe, do thugas féin duit, agus grá trí rún
Is dá dtagadh sé de chor sa tsaol,
Go mbeinn féin agus tú
Ceangail cléire bheith eadrainn araon
Leis a bhfáinne dlúth, ‘s dá bhfeicfinn féin
Mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás de chumha

Amhráin eile le Lorcán Mac Mathúna