Amhrán Rinn Mhaoile – Corn Uí Riada 2018

Amhrán Rinn Mhaoile

‘S scríobhfainn ‘s léifinn leabhra Gaeilge cé gur milis a blas
‘S dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire ghlas
Dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc ‘s bhréagfainn í seal
Ach fear ar mo thréartha níorbh fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Nár fhágha mé bás choíchín go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam ‘s caoirigh ‘s mo mhian ar an mbaile údan thall
Tá bean óg sa tír seo tá ag cur eadrainn gach aon darna lá
Nár fhágha sí bás choíchín go mbeidh sí ag caoineadh ‘s mise ag mo ghrá.

‘S tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cur na tine seo síos do mo mhian is dhá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Tá na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile ‘na gcodladh ach mé fhéin.

Is tá siad dá rá gur tú sáilín socair i mbróig
Is tá siad dá rá gur tú béilín milis na bpóg
Tá siad dá rá a mhíle grá go dtug tú dhom cúl
Ach nár fhágha siad na grásta má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.

Is gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl
Is gheobhad dhá bhás le grá don dá chois atá fút
Gheobhad trí bhás má fhaigheann aon fhear eile uaim thú
Cúl taitneamhach gan smál mo chrá má cheilimse thú.