An Spailpín Fánach – Sean Nós na mBan 2016

An Spailpín Fánach

Is spailpín aerach tréitheach mise ‘gus bígí a’ soláthar mná dhom,
Mar a chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Mar a chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan taltaí bána,
Mo láimh ar an gcéacht agam i ndiaidh na gcapaill is go réabfainnse cnoic le fána.

Mo chúig chéad slán leat a dhúiche m’athar is go deo deo don oileán grámhar,
Na scata fear óg atá i mo dhiaidh ag baile nár chlis orm in am an ghátair.
Tá Bleá Cliath dóite ‘s tógfar Gaillimh beidh lasadh ar thinte cnámha.
Beidh fíon‘s beoir ar bord ag m’athair sin cabhair ag an spailpín fánach.

‘S an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise bhí mé súgach sásta,
An darna lá dár liostáil mise bhí mé buartha cráite.
Ach an tríú lá dár liostáil mise thabharfainn cúig chéad punt ar fhágáil,
Ach dá dtugainn sin agus an oiread eile ní raibh mo phas le fáil agam.

‘S bhí mé lá breá ar mhargadh Chill Chainnigh agus thosaigh sé go trom ag báisteach
Tharraing mé isteach chuir mé chúl le balla ‘gus thosaigh mé ag glaoch na gcártaí
Ó ghlaoigh sí isteach orm bean a’ leanna le súil is go n-ólfainn mo pháigh.
Dheamhan deoir dár glaodh as sin go maidin ná raibh thíos in aghaidh an spailpín fánach!

‘S bhí mé lá breá thíos i nGaillimh ‘s bhí an abhainn ag goil le fána,
Bhí an breac’s an eascann ’s an beairtín slat ’s a chuile ní dá bhreáichte
Ó bhí mná óga múinte tógtha, siad a bhí tanaí tláithdheas
Ach dheamhan bean óg dhá shuífinn léi nach gcuirfinn an dubh ar a’ mbán di.

Is cibé bean óg í sin siar an bóthar nach deas é a cúilín álainn
Is cibé táilliúr a thóig a miosúr tá mé cinnte go raibh sé i ngrá léi.
Mar thóig sé a miosúr aníos ón talamh is go hard os cionn a básta
Is deir siad liomsa go b’sin é an túdar a mbíonn sí i gcónaí ag gáirí.

‘S b’fhaide liomsa lá a bheinn i dteach gan charaid ná bliain mhór fhada is ráithe.
Mar is buachaillín aerach mé súgach meanmnach a bhréagfadh an bhruinneall mhánla.
Bhí dhá bhean déag ag éad ’s ag iomaidh liom a’ súil le tairbhe mo láí!
Is gurbh é paidir na caillí nuair a théann sé thar an tairseach:
“Now behave yourself, a spailpín fánach!”