An Abhainn Mhór – Sean Nós na mBan 2018

An Abhainnn Mhór

Céad slán leat Abhainn Mhór, sé mo léan gan mé anocht le do thaobh
‘S gur liachtaí úd bóithrín caol uaigneach gabháil idir mé is í.
San áit a mbíodh an spóirt a’ainn gach oíche Domhnaigh ‘gus gaisce na hoíche
Bhíodh an jug ar an mbord ann is mo stóirín fial flaithiúil dhá roinnt.

Marach m’ óige ‘s dícéille ‘s deas aerach mar a chaithfinn mo shaol
Ghluais mé le Máire thar sáile ar uair a’ mheán oíche.
‘Gus chas mé le Búrcaigh dream a diúltú as flaithis na naomh
Siad a scaip le fán mé cur foirnéis cá gcodlóinn an oíche.

Is nuair bhí mé i mo pháiste ag mo mháithrín i dtosach mo shaoil
Is beag an cheapadh a bhí a’am an uair sin go mbeinn ar fán ná ar sheachrán an tsaoil
Nó gur casadh Seán Bán dhom sé a d’athraigh intinn mo chinn
Mo mhallacht go brách dhó is gach áit dhá suí sé síos.

Is tráthnóinín ag teacht ón gcaladh go brónach lag tuirseach tinn
Is cé d’fheicfinn ach mo stóirín is í ar tholláinín deas socair ina suí
Bhí a grua mar an rósa is bhreoigh sí ‘gus chrá sí mo chroí
Bhí a cuid gruaige mar an óir bhuí is í ag titim ina dualaí léi síos.

Is tá mo chóta mór stróicthe, ochón ó, is é silleadh liom síos,
‘S an té a chuireadh cóir air mo bhrón tá sé i bhfad as mo shlí
Níl aon fhear a phógadh mo stóirín ‘gus mé lena taobh
Nach mbainfinn fuil sróna as nó ba láidir é a charad sa tír.

Is má théimse go hÉirinn ní thréigfidh mé imirt ná ól
Is má théimse go hÉirinn ní thréigfidh mé cumann ban óg
Má théimse go hÉirinn ní pléascfaidh mé an jug ar an mbord
‘S mo ghrá thú a mhíle stóirín is cé déarfadh nach liomsa thú fós.

‘S tá mo shála-sa gearrtha is ní áirím an phian atá i mo dhroim
Ag iontú is ag ardú na málaí seo aniar ar mo dhroim
Dhá mbeinn ag mo mháithrín nó in áit éicint a ligfinn mo scíth
Bheadh súil le Rí na nGrást agam nach bheadh fán orm ach tamall is cén bhrí.