Aisling Gheal – Amhrán is Ansa Liom

Téamaí

Aisling Gheal

Aisling gheal do shlad trím néal mé,
Go rabhas-sa tréith-lag le seal im luí,
Is go rabhas i ngleann cois abhann im’ aonar,
Is go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí
go raibh na campaí Gall agus Gaelach
Agus claimhte géara ag uaisle an tsaoil,
Ag breith bharr áidh is a rá le chéile
Go mbeadh Iá na naomh anois le fáil gan mhoill.

Ba ghearr a`seal dhom gur dhearcas maighre,
‘Gus gruaig a cinn léi go féar a’ fás,
A dlaoifholt a tíocht mar na réalthaí
Ag titim léi-se go dtí barr a troighe,
A’ scuabadh an drúchta do bharr an fhéir ghlais,
‘S is lúfar éadrom mar a shiúlíodh sí,
A dhá cíoch chruinne ar a hucht go néata,
A grua mar na caortha is ba gheal í a píp.

Do bheannaíos-sa do mo chuid i nGaolainn,
Is is modhail ‘s is béasach do fhreagair sí,
A phlúr na bhfear, mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé ná táinig mh’aois.
Á dtíodh sa ghreann dúinn clann do dhéanamh,
Is go mbeifeá séantach ins an ghníomh, 
Gur gearr ón mbás mé, is go bhfágfainn Éire,
Im ghóist im aonar bheinn romhat sa tslí.

Do leagas mo lámh uirthi go béasach
Ó bhun a shtays go dtí barr a troighe,
Is in aghaidh gach stair go ndeininn a lé’ dhi
Is go bpógainn a béilín tláth arís.
Nuair a fuaras-sa dhom gur ghéill sí.
Mo chroí do léim mar an éan ar chraobh,
Is trí lár mo smuainimh gur mhúscail néall mé
Is le cumha ina déidh siúd ní mhairfidh mí.