Bean Dubh a’ Ghleanna – Amhráin is Ansa Liom

Bean Dubh a’ Ghleanna

Tá bó liom ar a’ sliabh, is gan éinne beo ‘na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachar,
Á seoladh soir is siar ins gach áit a ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go dubh an tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn san áit ina mbíodh mo rún
Sileann óm’ shúile deora,
‘S a Rí úd thuas na nDúl, nach mór an donas dúinn
‘S gur bean dubh a bhuaigh faoi bhrón mé.

Thiar ag barr a’ ghleanna ‘sea tá mo ghrá le sealad,
Is í ná fuair guth ná náire,
Sé dúirt sí liom ar maidin den chomhrá ceansa cneasta
‘Imigh is ná feic go brách mé.’
Níl aon ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Mala
Ná as san go dúthaigh Bhéarra
Ná go dtéann go tigh a’ ghleanna ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

‘S nuair a ghabhaimse féin amach agus téim go claí na sceach,
Sealad go lúb a’ bhóthair
Mo chailín plúrach geal, gur éalaís uaim thar lear,
Agus mo chúig céad slán beo leat!
A lámh mar is maith, agus a crobh mar is ceart,
A d’fhás ar a’ maighre mná so,
‘S nuair a ghabhann sí siúd amach cailleann a’ ghrian a teas,
Agus cónaíonn an ghealach le grá dhi.

Dá bhfaighinnse bean mheidhreach, bean dubh nó Laighneach,
Nó bean go mbeadh dhá mhíle bó aici,
Bean na bhfáinní mbuí, is í a fháscadh suas lem’ chroí,
Agus bean eile ó Rí geal Seoirse,
Iníon óg an Iarla, ‘tá go tinn dubhach im’ dhéidh

A d’iarraidh mé a fháil le pósadh,
‘S go deimhin dá bhfaighinn mo rogha de mhnáibh dubha deasa an domhain,
‘Sí an Bhean Dubh ón nGleann a thógfainn.