Fiach an Mhadra Rua – Corn Uí Riada 2009

Fiach an Mhadra Rua

Lá breá aoibhinn ar fiar an tsléibhe ‘muigh
Do bhí mór-uaisle na dtrí chontae ann;
Do chuireamar ár ngadhair go cruinn lena chéile
‘Gus siúd amach an madra ‘gus leanamar go léir é.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Lá Nollag Beag cuireadh deireadh leis an saoire
‘S do scaoileamar ár ngadhair go meanmnach meidhreach,
Amach fé’s na garbh-chnoic bhí tarrac ar an reynard,
‘S ó thuaidh chun Luimnigh ‘sea thug sé aghaidh uainn.

Bhí na Paoraigh ó Cheapach Chuinn ann
Is Arthur Russell ón mBántír ann;
Bhí na Faoitigh ó Bheanntraí ann
Is Roddy Arthur is a Leangóilí ann.

Bhí Mister Wolfe ann ó Mhóin Éile
Is Morgan Rattler ‘na dhiaidh ar saothar.
Ó Maigh Chromtha bhí Hedges agus Grainger
Is Captaen Bull is gan snáth dá léin’ air.

Bhí Mr. Jeffers ó Ard Dhrom ann,
Is Cormac  Colthurst ó Chaisleán na Blárnan.
Ó Charraig na bhFear bhí Carthy Spáinneach
Is Colonel Oliver ó Chill Eidhneán ann.

Nuair a chuamar ar an dtalamh a bhí i mbarra Claise Móire,
D’iompaigh sé ar an gcaladh mar ar stadadar na huaisle,
Ar a chasadh dhó sa bhfarraige bhí na gadhair ag teacht suas leis,
Is tallyho ag Cnaid is é ag snámh tríd an mórmhuir.

Do tharraing sé leis ins na h-áird ó thuaidh sinn
Chun Abha Tí an Uain is chun calaidh Droma Muaire
Aníos Ceapadh Chuinn is trí shráid na Leasa Muaire
‘Gur chuireamar i dtalamh é i mBarra Sliabh Luachra.