Trucail Pheige Bhreátha – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Trucail Pheige Bhreátha

Ar maidin dom go deigh-mhoch `s mé ag eirí as mo leabaigh dhom, 
Bhí Maidhc an t-engine driver is Tadhg istigh sa tseana-chairt. 
Bhí fíon is puins á roinnt ann ag déanamh an mhargaidh
‘S an cailín óg ní bhfaigheadh sé go ndíolfadh aisti an t-airgead 
Is trucail Pheige Bhreátha, tar láithreach agus ceartaigh í.

Sé an Maidhc sin Dhomhnaill Ghruama
Do rug an bua thar fearaibh leis,
Is ait an spré do fuair sé, le bean uasal seana-chairt.
Do ruadh dinnéar mór dóibh thuas i mbarr an bhaile,
`Gus `sé Kingston a chaithfidh gluaiseacht
is a leabhar aige ar a bhaclainn,
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Nuair a tháinig Tadhg suas láithreach is ceann an charra cnagaithe
`Sé Maidhc a thit i bhfanntais le scanradh is le hanaithe;
`Sé dúirt an cailín óg seo go dtoghfadh sí thar fearaibh é
Is go ndéanfadh buachaill córach de is go ramhródh sí sa leabaidh é
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Is a Aindí, gheobhair-se Joan uaim is córa mhaith chun leapan léi,
An chuilt atá sa chóthrainn is gach orlach di siúd breacaithe.
Seinnse suas a’ ceol dúinn, beidh cóthalán mór feasta againn,
Tá an traein ag gabháil an bhóthair chun ár ndóthain bídh do tharrac chughainn,
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.

Is a Jerry, gheobhairse Meaig uaim is lán chuid den airgead,
gheobhair agus an chráin go mbeidh a hál ar an margadh
Cuirse chughat tigh tábhaime, scadáin bhreátha i mbairille
Is baileoidh chughat lucht cártaí `gus fáidhí ná habraim
Is trucail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí.