An Seanduine Dóite – Corn Uí Riada 2015

Amhránaí

Téamaí

An Seanduine Dóite

Chuir mise mo sheanduine isteach ins an choirnéal
Ag ól bainne ramhar is a ‘ithe aráin eorna
Dá gcuirfeadh sé a cheann amach bhainfinn an tsrón de
Agus d’fhuígfinn an chuid eile ag na cailíní óga.

Is oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Is oró, ‘sheanduine is mairg a phós tú
Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Luí ar do leaba is codlaigh do dhóthain.

Chuir mise mo sheanduine go sráid Bhaile an Róba
Cleite ina hata agus búclaí ina bhróga
Bhí triúir á mhealladh is bhí ceathrar á phógadh
Is chuala mé i nGaillimh gur imigh sé leotha.

‘S oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
‘S oró, ‘sheanduine is mairg a phós tú
Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Luí ar do leaba is codlaigh do dhóthain.

Dá mbeadh a fhios ag mo sheanduine ó mar a bhímse
Ag ól is ag imirt le hógfhir na tíre
Le héirí na gealaí go mbrisfeadh sé a phíopa
Agus bhuailfeadh sé faic lena bholg ins an ghríosadh.

‘S oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
‘S oró, ‘sheanduine is mairg a phós tú
Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Luí ar do leaba is codlaigh do dhóthain.

Dá bhfaigheadh mo sheanduine ní mar ba chóir dó
Greamanna ime agus greamanna feola
Íochtar na cuinneoige is prátaí rósta
‘S bhainfeadh sí gliogar as na cailíní óga.

‘S oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Is oró, ‘sheanduine is mairg a phós tú
Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Luí ar do leaba is codlaigh do dhóthain.

Dá bhfeicfeá mo sheanduine ar uair a mheán oíche
A chosa ar a bhac aige is é ag deargadh an phíopa
Gur cosúil le slat mara a dhá lorga chaola
Is muna ndéanfadh sé ansin é ní dhéanfadh sé choíche é.

‘S oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Is oró, ‘sheanduine is mairg a phós tú
Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Luí ar do leaba is codlaigh do dhóthain.

Dá bhfaighinnse mo ‘sheanduine báite i bpoll móna
A chosa bheith briste aige is a loirgní leonta
Bhéarfainn ina bhaile é agus shínfinn faoi chlár é
Agus shiúlfainn amach leis na buachaillí óga.

Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Is oró, ‘sheanduine is mairg a phós tú
Oró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dhóite
Luí ar do leaba is codlaigh do dhóthain.