Art Ó Ceallaigh – Corn Uí Riada 2019

Amhránaí

Art Ó Ceallaigh

Bhí mé lá fada is mé ag tarraingt chun aonaigh
Is go Tí Airt Uí Cheallaigh a casadh san oíche mé
Casadh teach folamh, gan tine gan daoine,
Agus shuigh mise síos a’ dhéanamh mo scríste,
‘S Ím bó

Níorbh fhada is níor ghearr go dtáinig Art ‘un tí
‘S níor dhúirt sé “Good Morrow” ‘s d’fhiafraigh sé díom
What’s the matter a ghiolla cá mbíonn tú?
Nó caidé an seachrán a ruaig chun mo thí tú.
‘S Ím bó

Strainséar bocht mise, as Contae na Mí mé
A tháinig isteach a dhéanamh mo scríste
A tháinig isteach ag lasadh mo phíopa
Is dá bhfanfainn amuigh gurbh fhada domh an oíche.
‘S Ím bó

Ní gnáth linn le strainséirí a theacht chun a’ tí
Níor tháinig ariamh, is ní thiocfaidh a choíche
Níl aon nduine anseo ach mé fhéin is m’iníon bheag
‘S dá mairfeadh m’athair ní thabharfainn dó dídean.
‘S Ím bó

Muise, is mairg dod’ athair a thóg ina thí thú
Muna dtabharfá dó tine, foscadh ná dídean
Míle glóir do Dhia nach bhfuil a dhath de mo ghaol leat
Más duine thú Art nach bhfuil cosúil le Críostaí.
‘S Ím bó

Óró stad dod’ sheanmóir agus lig do do shiamsa
Is éagóir nár chodlaigh tú i gcúl claí ná díog
Nó nach deachaigh tú ‘n tí leanna a chaitheamh do phingine
Seal bhí mise i mo thraveller ‘gus sin mar a ghnínn sé.
‘S Ím bó

Ó ní aithníos tí tábhairne romham ins an tslí seo
Muna rachainn go Granard fán taca seo oíche.
Is bheadh siad ‘na gcodladh is bheadh leisce orthu éirí
Is ní fiú do dholaidh mé an t-aistear a dhéanamh.”
‘S Ím bó

Ó tá an oíche seo sioc is tá an ghealach ag éirí
‘Gus níl a’ t-aistear chomh fada is a shílfear
Siúd suas an bealach ‘gus lean é go díreach
Go Droichead na gCailleach is go Cartún na gCaorach.
‘S Ím bó

Ansin ghlac Art mo leithscéal go caoithiúil
Nuair a shíl sé gur straigléir as Contae na Mí mé
A ghoidfeadh a hata, a bhata is a bhríste
Go fiú slat a’ phota, an chroch is a phíopa.
‘S Ím bó

Thosaigh an troid agus thosaigh an scansáil
Agus leag muid an teach is ní raibh ag Art ach a ghannchuid
Thóg mé mo bhata agus bhuail mé sa taobh é
Is d’fhág mé Art Ó Ceallaigh sínte ‘sa ghríosaigh.
‘S Ím bó