Táim Sínte ar do Thuama – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Táim Sínte ar do Thuama

Táim sínte ar do thuama agus geobhair ann de shíor mé.
Dá mbeadh barra do dhá láimh agam, ní scarfainn leat choíche.
A phlúirín is an tsearc sé ann domsa luí leat.
Mar tá boladh fuar na cré uait, dath na gréine is na gaoithe.

Is nuair is dóigh le mo mhuintir go mbímse ar mo leabaigh.
Is ar do thuama sea a bhím sínte ó oíche go maidin.
Ag cur síos ar mo chruatan ‘s ag cruaghol go daingean.
Sí mo chailín chiúin, stuama do ghluais liom ‘na leanbh.

Is tá na sagairt is na bráithre gach lá liomsa i bhfearg.
D’fhonn a bheith i ngrá leat a stórmhnaoi is tú marbh.
Dhéanfainn faoithin ón ngaoth duit, is díon díot ón bhfearthainn.
Agus brón ar mo chroíse tú a bheith thíos ins an talamh.

Is an gcuimhin leatsa an oíche úd a bhíosa agus tusa.
Fé bhun an chrann draighnigh, is bhí an oíche ag cur cuisne.
Céad moladh le hÍosa nár dheineamar an milleadh.
Is go bhfuil an choróin Mhaighdean mar chrann soilse inár gcoinne.

Is tabhair mo mhallacht dod’ mháithrín is ní áirímse d’athair.
Is a maireann de do chairde gach lá faid a mhaireann.
Nár lig dom tú a phósadh is tú beo agam id’ bheathaigh
Mar nach n-iarrfainn mar spré leat ach luí leat sa leabaigh.

Is tá brón ar mo chroíse atá líonta le grá dhuit.
Is an londubh taobh thíos dó atá chomh dubh leis na hairne.
Sara dtiocfaidh aon ní orm is go gcloífidh an bás mé
Ó béadsa im shígaoithe romhat thíos ar na bántaibh.