Barr a’ tSléibhe – Corn Uí Riada 2010

Téamaí

Barr a’ tSléibhe -Corn Uí Riada 2010

A Mháire, tá díth céille ort mura dté tú liom ’un tsléibhe
Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
Tá do theach mór dhá dhéanamh faoi sheomraí geala ina éadan,
Agus beidh muid ann go haerach, mo léan, ar bheagán cíos.

Dhá bhfeicfeá Barr an tSléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí,
Níl duibheachán sa spéir ann na gangaid ins an ngaoth,
Tá an broc ar thaobh an léana, tá an sionnach rua ar na péaca,
Tá an giorria ag pocléimnigh le pléisiúr ins an bhfraoch.

Tá úth na mba ag pléascadh, ag tíocht abhaile ag géimneach,
Is binn deas ceol na n-éan ann sna gleannta teacht na hoíche,
Tá an fear ’s an bhean in éindí go grámhar lena chéile,
’S an seanduine a bheadh na céadta bliain, níorbh fhada leis an oíche.

Tá coirce bán is eorna, tá fataí is rud go leor ann,
Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is fáilte roimh gach n-aon,
Tá Ó Raghallaigh ag seinm ceoil ann, tá fíon ’s tá brandy is beoir ann,
I gcomhluadar daoine móra tá an t-airgead dhá roinnt.

Tá an still ag rith i gcónaí ’s na baraillí dhá líonadh,
Tá cuireadh ag clann na ríthe a bheith go síoraí ann ag ól,
Ta an sagart ann is córa dhá bhfaighfeá in aon deoise,
Is a Mháire, tóg mo chomhairle, ó, éirigh agus éalaigh liom.